22 November 2009

Iomramh Bhreandáin

Fuair mé úrscéal Bhreandán Uí Dhoibhlín "Néal Maidine agus Tine Oíche" ón leabharlann.

Ní leabhar éadrom atá ann, go deimhin, táim ag iomrascáil leis le geal le sé seachtainí. Ach bhfiú an trioblóid, sílim. Úrscéal ar leith atá ann, lán de mhacallaí ó fánaíocht Chlann Iosrael sa bhfásach mar mheafair do dhán Chlanna Gaeil - agus go háirithe cultúr na nGael. Guth amháin - guth chinnire - atá sa leabhair. É ag cíoradh dán a chine, ag machnamh agus i mbun miúine. N'fheadar a bhfuil tuar tagtha faoin tairngire atá sa leabhar fós - is eagal liom nár tháinig, agus go bhfuilimid fós ar strae agus i ngéibheann na coilíneachta ó thaobh meoin agus sochaí de.

Is iontach an saibhreas foclóra a bhí agus atá ag an Doibhlíneach, fiú i seascaidí an chéid seo chaite nuair a scríobhadh an leabhar seo.

Tá léargas ar an méid a chuir sé roimhe san díonbhrollach - tá cóip déanta agam agus é curtha ar fáil anseo.

Saothar ar rún dom filleadh air arís.




Néal Maidine agus Tine Oíche
Breandán Ó Doibhlin
Sáirséal - Ó Marcaigh 1998
ISBN 0-862890-67-5

1 comment:

Fearn said...

Tá seo ar leabhar mór smaointeoireachta na Gaeilge gan aon agó.
Léigh mé é a trí nó a ceithre uair. Tá léamh eile tuillte aige uaim sar i bhfad.