29 January 2010

Ithiomrá agus béadchaint

Milleann ithiomrá agus béadchaint cáil agus onóir na comharsan. Óir is é is onóir ann an fhianacht shóisialta a dhéantar le dínit an duine, agus tá ceart nádúrtha ag cách ar onóir a ainm, ar a chlú agus ar a mheas. Mar sin, sáraíonn ithiomrá agus béadchaint suáilcí na córach agus na carthanachta.
Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí, #2479.

Forbairt nádúrtha ar an méid a scríobh mé inné an mír seo, is dócha. Ach údar eile a spreag mé. Colún ag John Waters san Times inniu maidir leis an mbaol do saoirse cainte atá ann ó ithiomrá agus béadchaint sna meáin. Ag tarraingt as an méid a dúirt Martin Cullen ar na mallaibh fán íde a fuair sé agus a theaghlach de bharr na líomhaintí - iomlán bréagacha mar a tharlaíonn sé - go raibh caidreamh drúisiúil aige lena chomhairleoir poiblíochta.

Dar ndóigh, pheacaigh Martin in aghaidh an ceartchreideamh pholaitiúil nuair a mhaígh sé gur geall le héigniú an taithí a bhí aige de bharr an ithiomrá leanúnach seo.

Rud a thug leithscéal do dhaoine neamhaird a dhéanamh ar an fhírinne garbh san méid a dúirt sé.

Chuala mé scéal uair faoi bhean a bhí ciontach in ithiomrá, agus a chuaigh chun faoistine chuig - sílim - Naomh Francis de Sales. D'iarr sé uirthi mála clúimh mín a fháil, é a scaoileadh amach ar bharr cnoic, agus teacht thar nais chuige chun an chuid eile dá pionós a fháil. Rinne sí amhlaidh. Nuair a d'fhill sí, dúirt sé - "anois, cruinnigh an mhín clúimh uilig arís".
"Ach tá sin dodhéanta", ar sí. "Tá," ar seisean "chomh dodhéanta le torthaí d'ithiomrá a leigheas!"

Tá trua agam ach go hairithe do mic Martin Cullen, a sheas lena n-athair agus a fuair cad é batráil sa chlós scoile dá bharr. Ciall ceannaithe searbh anois acu, is cinnte.

Níl aoinne againn gan locht, agus is beag saol nach bhfuil peaca ceilte ann - agus is leor nod agus "ní bhíonn toit gan tine" chun clú agus acmhainn duine a scrios.

Is fíor do John Waters áfach gur minic a úsáidtear an slat "fimíneacht" chun sleamhnú as dul i ngleic le argóint faoi cén idéal is ceart chuir os comhair an phobail.

Is dócha go ndearfaidh Áine arís gur "saoirse preasa" atá i gceist anseo. Ach níl aon cheart gan a leathbhreac de dualgas. Tá dulagas trom ag dul le saoirse cainte: a bheith ionraic agus fírinneach - agus gan nithe nach gá iad a scaipeadh a reic leis an saol mór!

2 comments:

Mise Áine said...

Go deimhin tá dualgas trom orainn uile, a Aonghuis, bheith cúramach faoin méid atá á rá agus á scríobh againn.

Cé nach dtuigim go minic cén fáth a ndéantar tuairisciú mar a dhéantar ar ábhair éagsúla, glacaim leis go bhfuil an ceart againn saoirse cainte a bheith againn, an preas san áireamh, agus go bhfuil córas eile ann, na dlíthe a rialaíonn an tsaoirse cainte sin, le súil a choinneáil ar an bpróiseas, agus le déileáil leis nuair nach ndéantar é mar is ceart, agus mar is cóir.

Tuigim go rómhaith an dochar a dhéantar san 'idir an dá linn' nuair a deirtear, nó nuair a scríobhtar, rud nach bhfuil ar chor ar bith fíor, ach a fhanann mar 'meas tú?' i gcloigeann an té a léigh, nó a chuala, an scéal, bíodh sé fíor nó ná bíodh.

Mar sin féin, cén leigheas atá ar an scéal, meas tú?

aonghus said...

Ní chreidim go gclúdaíonn saoirse cainte scéalta faoi shaol phearsanta duine, fiú agus é i súil an phobail.

Má tá ceist faoi conas ar glacadh cinneadh, cuirtear an cheist sin. Ach ná gabhtar ag tabhairt buile faoi thuairim faoi cén fáth - agus sin a tharla i gcás Martin Cullen.

An saoirse atá tábhachtach ná an saoirse chun idéil agus smaointe a chuir ós comhair an phobail.

Mar a léirigh John Waters ina alt, is féidir le béadchaint agus ithiomrá dochar buan a dhéanamh don saoirse sin.

Feictear dom go bhfuil gá le dlí, le pionóis atá trom a dhóthain chun buile faoi thuairim faoi chló "fíricí" a chosc.