30 May 2010

Ag coisíocht faoi choimirce Chaoimhín


Táim ag tosú poist nua dé Luain. Bhí seachtain saor agam an tseachtain seo chaite, agus shocraigh mé mion saoire a ghlacadh. Chuaigh mé ar bhus meán lae go Gleann Dá Loch. D'fhág mé an bus san Láithreach agus shiúl chomh fada leis an Loch Uachtarach ar an mBóthar Ghlas faoi bhun Doire Bháin. Tá triomach ann le tamaill, agus bhí Tobar Chaoimhín, atá tamaill roimh an mainistir ar an mbóthar seo, imithe i ndísc. Is deacair an tobar a aimsiú anois. Roinnt blianta ó shin rinne oifig na nOibreacha Poiblí an áit a ghlanadh suas - agus bhain siad na nithe a bhíodh ceangailte, mar atá ina nós ag tobar beannaithe, de na crainn máguaird. Níl ach corr giobal le feiceáil ann anois. Bím idir dhá chomhairle faoin nós seo - blas íoladhartha air, dar liom. Ach mar sin féin, tá amhras orm faoin "nglanadh suas" seo.

Caith mé tamaill cois locha sular shiúl mé ar ais i dtreo an bhrú. Tá an-obair déanta anseo le traidhfil de bhlianta, cosáin marcáilte leagtha amach go cúramach. Tógadh freisin cosáin cláir tríd an riasc timpeall ar Pholl na Péiste. Is an cosán sin a thóg mé: agus bhí an dúrud féileacáin le feiceáil faoi sholas na gréine.

Tráthnóna bhí béile breá agam le cara in óstán Gleann Dá Locha. Seabhdar blasta le iasc deataithe, agus mias breá ae. Bhí sé i gceist agam dul ar shiúlóid faoi sholas na ghealaí láin. Ach mar a tharla, is siúlóid san clapsholas a bhí ann. Thosaigh muid thart ar a 20:30, agus bhí an ghrian fós láidir. Thosaigh muid amach ón óstán, ag tabhairt cuairt ghairid ar an mainistir agus sin ar aghaidh go dtí an bóthar isteach i nGleann Dasáin. Bhí a lán bric bheaga le feiceáil go soiléir i gcoinne ghaineamh gheal an leaba abhann. Tar éis ciliméadair nó mar sin d'fhág muid an bóthar, ag leanacht cosán marcáilte suas gualainn Cham an Doire. Bhí radharc bhreá ón ngualainn ar Loch Uachtair Ghleann Dá Locha. Ar aghaidh linn síos go bruach an locha, ag teacht anuas den cnoc ag bun bóthar na mianadóirí. Shiúl muid fán loch agus ansin ar aghaidh go dtí Teampall Rí Fhearta agus Cillín Chaoimhín. Lean muid ar aghaidh ansin thar an eas agus faoi mhullach Doire Bháin ar bhóthar coille. Bhí sé ag éirí dorcha anois agus bhí an "truailliú solais" thart ar an Láithreach an-soiléir. Thar rud ar bith eile ní thuigim cad chuige go bhfuil an eaglais ann, atá dofheicthe seachas ó na cnoic máguaird, tuilsoilsithe. Tháinig an bóthar síos arís gar do Eaglais St Saviour - áit a raibh mainistir ag Canónaigh Aibhistín a tháinig go hÉireann san 12ú aois. Faoin am seo bhí sé dorcha, agus tóirsí ag roinnt daoine. D'fhill muid ar an óstán do deoch, agus muid díreach in am do na "horduithe deireanacha".

ar lean.....

Íomhánna liomsa: An Loch Uachtar le feiceáil ar éigin tríd na crainn, agus féileacán bán ar lus bháin.

5 comments:

Míshásta said...

Cur síos breá suimiúil- grianghraf fíor-álainn.

Cé ná chreidim fhéin sna piseóga a bhaineann le toibreacha beannaithe ní dóigh liom go bhfuil aon dochar iontu. Chuaigh an OPW thar fóir leis an nglantachán úd dar liom. Ni gnáth brúscar a bhí ann. Traidisiún sean-bhunaithe atá ann a chuireann le draíocht na háite. Fágaim fhéin souvenir de shaghas éigin má thugaim cuairt ar na láithreacha úd.

Dubhaltach said...

Go n-éirí leat i do phost nua a chara.

Sin grianghraf deas de Ghleann Dá Loch, leis an gceo.
Is fada ó bhí mé ann, ach ar thug tú faoi dheireadh nach bhfuil eagla ag na fianna roimh dhaoine. Na fianna atá sna sléibhte timpeall an ghleanna.
A mhalairt atá fíor faoi fhianna ar aon sliabhraon eile i gCill Mhantáin.
Táid ag éirí ceanndána i nGleann Dá Loch!

aonghus said...

Bhuel, seachas corr cheann a díbríodh ag tóirsí, ní fhaca mé aon rian d'fhianna.

ormondo said...

Guím gach aon rath ort i do phost nua.

B'shin slí iontach leis an Übergang a eagrú.

GRMA as an tuairisc bhreá. Ba leis an Ghaelainn na ceantair in oirthear na tíre freisin tráth dá raibh!

Mise Áine said...

Anois díreach a chonaic mé an tuairisc iontach seo uait, a Aonghuis - agus an scéal faoi do jab nua! - comhghairdeas ó chroí leat, a chara.

Go n-éiri go geal leat!