04 January 2011

Cruinneas na Gaeilge

Seo ar fógra a bhíonn ar na geataí mallaithe úd de chuid Iarnród Éireann agus iad oscailte (toisc iad a bheith as feidhm, go hiondúil).
Bhain sé miongháire asam agus mé ag triail ar obair le deireanas. Tá súil agam nach fíor an fáistine a thug sé dom.

5 comments:

Dennis King said...

ASG!!!

Mise Áine said...

MMFAG, freisin!

Caoimhín Ó Donnaíle said...

An-mhaith ar fad!

Agus seo anois scéal ríomhaireachta ó Sabhal Mór Ostaig beagnach fiche bliain ó shin. (Caithfidh fios a bheith agat gur "asgaidh" seach "aisce" a deirtear i nGaeilge na hAlban). Bhí córas nua próiseáil focal ag an Choláiste; bhí an tsean chóras imithe; agus bhí dioscanna san oifis le faisnéis thábhachtach narbh fhéidir í a léamh anois. D'imigh DI leo - mac léinn a bhí ábalta sa ríomhaireacht. Seachtain ina dhiaidh d'fhiafraidh Gavin san oifis de fá na sean chomhaid. Dúirt DI leis go raibh siad uilig in "ASCII" anois (.i. go soirbhigh leis iad a léamh), ach d'imigh an dath ón ghruaigh ag Gavin - Shíl sé go raibh an obair go léir aige in aisce!

aonghus said...

Iontach, a Chaoimhín. Is mithid é sin a chuir le béaloideas na seifteoirí ríomhaireachta.

Séamas Poncán said...

AGOA