Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-12-06

1915: Dorn cruach staire i láimhín veilbhit grinn

Bhí ard oíche amharclainne agam oíche Aoine i Smock Alley. Tá 178 suíochán san "Príomh Spás" acu, amharclann atógtha san áit a raibh céad amharclann Bhaile Átha Cliath.
Bhí cuid mhór acu lán.
Ceathrar bean agus seachtar fear de chuid Aisteoirí Bulfin ar an ardán, leagan grinn den Éirí Amach á léiriú acu - bliain ró luath, agus san Oifig an Phoist mícheart.
Ach cé go raibh an greann i dtreis agus an lucht féachana craite go minic ag taom fíochmhar gáirí, bhí go leor den stair san dráma.
Léiríodh na haicmí is na deighilt laistigh de na gluaiseachtaí a ghlac páirt san Éirí Amach. I radharc fíor ghreannmhar ach le blas láidir na fírinne bíonn siad ag cíoradh cén feabhas a bheadh ar ar tír de bharr baint amach na poblachta. Cantar iomann molta na leithris poiblí mar bhuaic! Gan amhras, rachadh sin chun tairbhe gach aicme sa chathair.
Ba dheacair an radharc a shárú inar thug Hutchinson (Gearóid Ó Mórdha) agus Johnny Long (Tadhg Ó Conchubhair) léargas shoiléir ar uafáis trinsí na Beilge don Óglach saonta Micí Doyle (Colm Ó Broin). Go deimhin, cé gur thug gach duine den cliar taispeántas bhreá, sílim go bhfuil an Curadh Mhír ag dul do Hutchinson (Gearóid Ó Mórdha) - léargas iontach ar an saighdiúir dóite de chogaíocht Gall agus fonn ar buille a bhuaileadh ag baile. Amhrasach faoi oifigigh na nÓglach ar léir gur lucht brionglóide buirgéiseach atá iontu, dar leis. Rinne sé aithris den scoth - i gceann de mhacallaí láidre na staire - ar an gcaoi a mbeadh ionrach na Lancers.
Bhí an ceathrar ban suntasach san dráma agus réimse leathan á chlúdach ag na bpearsan - bhean rialta antoisceach (Emer Ní Mhéalóid), éirí in airde buirgéiseach Maria Markiewicz (col seisear, Aoife Ní Ghlaicín Riain), flosc chun troda ag Síle Ní Dhonnchadha (Aoileann Ní Chonchubhair) agus banaltracht agus banúlacht ag Áine Ní Bhriain (Helena Ní Mhaoláin) .
Bhí go leor col seisir ann - Réamonn de Valera (Lionel Mac Cárthaigh), Dara Mac Piarais (Ronan Lynagh), Seosamh Ó Conghaile (Con Ó Tuama).
Fágadh faoi Micheál Ó Gruagáin  - as Béarla agus i modh Gilbert & Sullivan - sotal agus brúidiúlacht fórsaí na nGall a chuir i láthair ina aonair.
Bhí radharc maoithneach ann inar chuir Réamonn de Valera (Lionel Mac Cárthaigh), Dara Mac Piarais (Ronan Lynagh), Áine Ní Bhriain (Helena Ní Mhaoláin) agus Síle Ní Dhonnchadha (Aoileann Ní Chonchubhair) tnúthán an ghrá i láthair.
Tá peann, cluas agus súil grinn ag Aodh Ó Domhnaill, agus feidhm éifeachtach bainte as foinn na linne leis an scéal a chuir ar aghaidh. Bíonn Aisteoirí Bulfin i gcónaí gairmiúil, cé nach n-íoctar iad, agus ba léir gur bhain siad tairbhe as an léiritheoir Barry Barnes.
Anois is arís mhúch an ceoil agus an amhránaíocht na focail, go hairithe dóibh siúd nach mbeadh go leor cleachtadh acu ar an nGaeilge a chlos canta.
Bhí an dearadh stáitse agus solais simplí ach éifeachtach - spás deas is ea an Main Space.