Ach in Éirinn tharla rud aisteach sa 19ú haois. Rinneadh coilínigh de na dúchasaigh féin. Baineadh a gcultúr agus a dteanga díobh. Bronnadh an Béarla agus cultúr Briotanach orthu. Ba choilínigh ina dtír féin iad as sin amach. Ach ní féidir a shéanadh go bhfuil cuid áirithe den dúchasach sa choilíneach go fóill. Dá bharr sin is daoine deighilte, scoilte iontu féin iad na hÉireannaigh.Dúirt Faust: “Zwei Seelen wohnen, ach! in meiner Brust.” (“Maireann dhá anam, faraor! i mo chliabh.”) D’fhéadfadh sé bheith ag caint faoi na hÉireannaigh. Maireann an coilíneach agus an dúchasach araon ionainn, agus is amhlaidh nach mbíonn teacht maith le chéile acu siúd riamh.Is dóigh liom go dtuigtear an méid sin uaireanta i measc lucht na Gaeilge. An dtuigeann lucht an Bhéarla é? Ní fheadar.
Sílim gur féidir a rá nach dtuigeann mórán de lucht an Bhéarla é. Feictear i ngach gné den dioscúrsa poiblí abhus é: bíonn féin fhuath fairsing.