Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-11-04

Téann focal le gaoth ach téann buille le cnámh

Tá a lán cainte arís eile ar tromaíocht; i measc cúiseanna eile tá cás tragóideach mar ar chuir cailín i nDún na nGall lámh ina bás féin, is cosúil - agus fianaise láidir go raibh baint ag tromaíocht ar líne leis an mbás céanna. 
Ní rud nua tromaíocht; ní rud nua gur féidir le déagóirí agus leanaí a bheith thar a bheith gránna le héinne atá ar an imeall, atá rud beag difriúil. D'fhulaing mé féin tromaíocht agus batráil ar scoil - ach buíochas le Dia bhí sé réasúnta bog ormsa agus tá's agam go raibh duine in aon rang liom a d'fhulaing níos measa.
Tá rud nua i gceist leis an tromaíocht ar líne áfach. Níl aon áit sábháilte ann níos mó, mura bhfuil an féin smacht ag gasúir an fón a mhúchadh agus neamhaird a dhéanamh de. Is lú an seans go dtiocfadh duine fásta ar na heachtraí agus a ladar a chuir ann.
Ar chaoi aisteach tá an rud ar fad níos pearsanta don duine atá thíos leis; agus níos neamhphearsanta dóibh siúd atá ag imirt an tromaíocht.
Léiríonn an scéal seo ó Leo Traynor an dóigh a théann fogha ar líne i bhfeidhm ar dhuine (fásta) agus an caoi gur baineadh siar as nuair a thuig sé cé a bhí ann; agus nár thuig an té sin an dochar dáiríre a bhí a dhéanamh aige, agus é slán taobh thiar dá scáileán. 
Agus daoine aghaidh ar aghaidh lena chéile, tá a lán comhartha eile ar fáil a thugann tuiscint don duine eile - tuin gutha, gothaí, dreach - den cumarsáid. Tá a leithéid in easnamh go hiomlán ar líne, áit nach bhfuil an focail agus uaireanta íomhá.
Bhí caitheamh achasáin ann i gcónaí, agus lipéid mí chuí. ("Spa" an masla ba choitianta le mo linnse ar scoil;  ach is cuimhin liom gur baineadh siar asam nuair a dúirt déagóir cúpla bliain ó shin liom go raibh Seacláid dorcha "gay". Níor thuig mé cad a bhí i gceist. "Olc" is cosúil a bhí á chuir in iúl aige).
Tá na lipéid seo gránna i gcónaí; ach níor thuig mé cé chomh mór is a fhéadfadh siad goilleadh ar dhuine a mbeadh an lipéid leath chruinn mar chuir síos orthu go dtí gur léigh mé (mar thoradh ar an raic a luaigh John) an píosa seo le duine atá thíos le Siondróim Down faoin bhfocal retard (focal gránna pé scéal é; ach bheadh mí úsáid aon lipéid eile chomh holc céanna)
Níl fhios agam cén leigheas atá ar an scéal. Cinnte, cabhróidh oideachas - agus shamhlóinn go mbeadh toradh ar ról-imirt sna scoileanna chun dearcadh an íospartaigh a chur i bhfeidhm ar dhaoine. Mar sin féin, tá gá freisin leis na híospartaigh a láidriú - agus ní dóigh liom go mbeadh toradh fónta ar pholasaithe a dhéanann an bhéim ar fad a chuir ar thuairisciú agus pionós ar bhulaithe. D'fheadfadh fáinne fí eascairt as sin - mar go hiondúil mothaínn an bulaí féin faoi bhrú, mar íospartach de chineál.
Nílim ag rá gur ceart scaoileadh le hiompar ghránna.
Ach caithfear an cothromaíocht cheart a aimsiú; cabhrú le daoine cur suas le maslaí agus argóintí, ach ag an am céanna oideachas a chuir ar dhaoine i dtreo is gur féidir leo argóint gan bheith táir.
Táim tógtha leis na smaointe a bhíonn á scaipeadh ag Izzy Kalman ar a shuíomh Bullies2Buddies, atá leagtha amach mar shampla anseo:
Is gá meas a chothú ar a chéile; ach is gá freisin spás a chruthú d'easaontas agus an réimse iomlán de modhanna argóna. Agus a aithint go dteipeann ar dhaoine ar an iliomad cúis bheith go deas le chéile - gan trácht ar na míthuiscintí a eascraíonn as mí-leamh ar fhocail daoine; cailltear íoróin agus scigmhagadh go minic nuair nach bhfuil ach an bhfocal scríofa ann.