Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-11-02

Ag moncaíocht ar an Idirlíon!

Le linn a chaint ar an gCéadaoin luaigh Kevin dúshlán eile don logánú ríomhaireachta - fiú le fáil éasca ar foinsí oscailte. (Molann sé foinsí oscailte, féach an léargas san páipéir seo). Is é sin an fás san néal-ríomhaireacht, agus scaipeadh an choincheapa "bogearra mar seirbhís". 
Fágann sin an lámh in uachtar ag na hollchomhluchtaí arís - cinn eile gan amhras; Google agus Facebook seachas Apple agus Microsoft. Ach fanann an bunfhadhb. Ag na comhluchtaí an forlámhas; bíonn an pobal teanga spléach ar an méid atá na comhluchtaí sásta deonú dóibh. Is fíor go bhfuil leithéidí Facebook agus Twitter breá sásta sluafhoinsiú a dhéanamh ar aistriúcháin; agus ligeann dá úsáideoirí an obair a dhéanamh. Fós féin, caithfidh siad an teanga a scaoileadh isteach; agus is minic constaic ansin. Bíonn drogall orthu dréim le teanga a bhfuil líon bheag cainteoirí aici. Tá deacrachtaí cáilíochta i gceist.
Tá bealach eile ann áfach; ba é Neskie Manuel (nach maireann, faraor) a tháinig ar an smaoineamh agus a d'fhorbair é. Is tríd brabhsálaí a fheidhmíonn na bogearraí nua seo de ghnáth; déantar an obair agus an taisceadh san néal, ach bíonn an t-eolas á mhalartú tríd leathanach idirlín.
Nuair a sheolann tú do bhrabhsálaí chuig seoladh idirlíon, cuireann an ríomhaire i gcéin oideas ar ais go dtí do ríomhaire áitiúil, agus cuireann an brabhsálaí an t-eolas i do láthair. Go hiondúil is i HTML atá an oideas; teanga ríomhaireachta a chuireann síos ar eolas agus a ligeann don brabhsálaí é a leagann amach i gceart. Ach is eolas seasta a bhíonn i gceist le HTML; chun athrú a dhéanamh ar an leathanach, bheadh breis eolas de dhíth ón ríomhaire i gcéin. Cruthaíonn sé sin breis tráchta idir an dá ríomhaire; agus breis obair don ríomhaire i gcéin.  Mar sin forbraíodh teicneolaíochtaí eile chun ligeann don brabhsálaí beocht a chuir san eolas ach é sin a ríomh go háitiúil.  Ina measc sin bhí JavaScript. (Ainneoin an ainm, níl baint aige leis an ríomhtheanga Java). Is féidir le forbróir an suíomh scripteanna a chuir isteach leis an oideas chun idirghníomhaíocht a chuir leis an leathanach.
Céim chun cinn is ea "Greasemonkey". Breiseáin is ea Greasemonkey do Firefox a chuireann ar chumas an  úsáideora a chuid scripteanna féin a chuir i bhfeidhm ar leathanaigh. Chonaic Neskie an deis anseo Facebook a chuir ar fáil ina theanga dhúchais féin: Secwepemctsín. De réir mar a thuigim é,  lorgaíonn an script teaghráin áirithe agus cuireann na leaganacha san sprioctheanga ina n-áit.
(Tá breis eolais anseo ar bhlag Kevin)
Smaoineamh simplí ach cuanna atá ann. Go raibh leaba i measc a shinsir ag Neskie Manuel; agus go leana a shaothar ag cuir clocha ar a charn!