Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-08-29

Völkerwanderung

Tá an Meán Oirthear in bhlár cogaidh. Tá an Aifric scriosta de bharr go dtáinig creachlathas dúchasach in áit creachlathas Eorpach. Níor fhorbair na stáit i gceachtar ceantair, rud a fhágann go bhfuil pobail ar mhalairt teanga, creideamh agus nós ag maireachtáil faoin Rialtas céanna; agus na céadta bliain de Divide et Impera tar éis col leis na comharsana a fhorbairt.

Tá freisin an córas idirlíon soghluaiste ag scaipeadh; tá eolas chruinn ag daoine sna ceantair atá faoi bhrú ar saol Iarthar Eorpa.

Tá sé go hiomlán réasúnta mar sin do dhuine atá faoi bhagairt báis cinnte sa bhaile iarracht a dhéanamh tabhairt faoin turas chun na hEorpa, ainneoin go bhfuil baol mhór báis ann dó. 

 Tá cuir síos buille ar bhuille ar scéal amháin san alt seo san FAZ. Fear óg a theith, maraon lena chomplacht ar fad, as arm Assad. Tháinig sé féin slán de thaisme ón ár a rinneadh ar a chomrádaithe; ach bhí sé i dtólamh i mbaol báis. D'fhág sé ar an slí chun na hEorpa, tháinig slán. Le cabhair teicneolaíocht na faisnéise chun teacht ar lucht gáinneála, agus chun go seolfaí airgead a athair chuige.

Ní rachaidh an sruth seo i ndísc. Tá saibhreas na hEorpa tarraingteach; fiú agus rud beag maoine ag daoine san Aifric, chíonn siad - ar an idirlíon - farasbarr maoine abhus agus tá sé iomlán réasúnta an beagán atá acu a infheistíocht in iarracht saol níos fearr a bhaint amach, fiú mura bhfuil siad ag maireachtáil faoi scáth an bháis.

Tá a léargas leagtha amach san aiste seo ag Gearmánach a bhí ina bhreitheamh ar chásanna Tearmainn. Is gá éisteacht le léargas a leithéidí.

Níl ballaí agus cosc ach chun líon na mairbh a mhéadú, agus saibhreas lucht gáinneála freisin.

Caithfear trí ghné den fhadhb a ionsaí:
  • Dul i ngleic leis na cúinsí a fhágann daoine in eagal a mbás de bharr cogaíocht
  • Tacú leis na forais atá ag plé le teifigh gar dá mbaile; tá na tíortha san Meán Oirthear thart ar Siria, mar shampla, faoi ualach uafásach ag líon mór teifeach arbh ionann anois a líon agus sciar suntasach de dhaonra an aoi thíre.
  • Córas meáite cothrom a aimsiú chun féachaint chuige go roinntear an t-ualach ar thíortha an Iarthar go cothrom. Mar a léiríonn alt Alex Hijmans i dTuairisc inniu, tá, mar shampla, an Ghearmáin ag glacadh duine as gach triúir teifeach a éiríonn leis an Ghearmáin a bhaint amach.
Gan amhras, tá fadhbanna san Iarthar. De bharr na géarchéime a spreag an nua liobrálachas, tá an maoin san Iarthar á roinnt go héagothrom. Tá cuid dár muintir féin gan dídean, agus an cuma air nach bhfuil ar ár gcumas plé leis sin. Tá an córas sláinte faoi bhrú. Tá an córas oideachas faoi bhrú. Tá an pobal ag dul in aois agus fadhbanna cúram cheart a thabhairt dóibh.

Deir an seanfhocal gurbh ag baile a thosaíonn an déirc, agus tá ciall leis sin.

Is gá mar sin dul i ngleic leis na fadhbanna, leis an méadú ar an íosaicme atá gearrtha amach ón maoin san Iarthar. Mura déantar beidh costhrúpaí á sholáthar do tuathghríosóirí a bhainfidh feidhm as géarchéim na dteifeach leis an daonlathas ina iomláine a ionsaí.

Feictear sin cheana féin, abair i Heidenau na Gearmáine: tá antoiscigh den eite dheis ag gríosadh an sciar den phobal a chaill de bharr athaontú na Gearmáine, agus is lonnú teifigh an splanc a d'adhain an raic.

Tá a leithéidí feicthe againn ar scála níos lú san tír seo, go háirithe nuair is lonnú baill den lucht siúil nó a leithéid atá i gceist.

Caithfear dul i ngleic freisin leis na fadhbanna abhus a fágann ithir fáis ag fuath.

Daonlathas folláin áitiúil an réiteach; agus cothromas i ngach gné den saol.

Ní stopfaidh sconsaí iarainn teifigh nár stop baol bás san Meán Mhuir iad; Tá a n-iarrachtaí réasúnta.

Tá na pobail ag gluaiseacht, is mithid dul i ngleic go stuama leis sin.