Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-09-12

Earnán de Blaghd

Spreag Enigma de Blaghd mé le dul sa tóir ar an méid a bhí scríofa ag Earnán de Blaghd. Tá an trí imleabhar dírbheathaisnéise agus an saothar smaointeoireachta "Briseadh na Teorainn" léite anois agam.
Tá díoma orm gur tháinig deireadh leis na dírbheathaisnéisí i 1919 sula raibh neamhspléachas bainte amach ná fiú Cogadh na Saoirse tosaithe i gceart. Tuigim anois níos fearr ná roimhe go bhfuilim dall cuid mhór ar smaointeoireacht na glúine a bhunaigh an Stáit, arbh duine ar leith ina measc é an Blaghdach. Duine a bhí spreagtha ag cúis na Gaeilge thar aon chúis eile agus ainneoin gurbh Protastúnach ón Tuaisceart é, spreagtha ag poblachtachas na nÉireannach Aontaithe (arbh Protastúnaigh ón Tuaisceart cuid mhór dá gceannródaithe).
"Uaslathas atharthaíoch" an cur síos a bhí ag Conchúr Ó Giollagáin ar a dhearcadh i leith na Gaeilge agus lucht a labhartha; agus tá fianaise láidir don dearcadh sin sna scríbhinní - ar cheisteanna eile freisin shamhlóinn. Fear a bhí cinnte go bhfaca sé réiteach na ceiste agus a bhí mífhoighneach le daoine eile. 

Ach is dócha go bhfuil gach réabhlóid ag brath ar a leithéidí. Táim sásta gur léigh na leabhair. Tá siad scríofa go maith agus tá mo spéis san fear agus ina ré múscailte.