Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-08-01

Leis na coisithe an chathair!

In alt leis i dTreibh maíonn Alan Titley gur leis an charr an chathair.

Tá go leor atá fíor scríofa aige san alt, gur dual do chathair fás go hainrialach, ainneoin rialóir a bheith go minic i lámha rialóirí ag iarraidh smacht a chuir ar an gcathair. Ní rud nua an líne díreach sa chathair gan amhras, is cuimhin liom sráideanna díreacha Baile Nua Carcasonne a shiúil, iarracht fánach ag an uasaicme ord a bhualadh ar chathair. 

Tá an mian san an chomh fada is atá cathracha ann, shamhlóinn!

Ach ionróir nua an charr sa chathair, ó seascaidí na haoise seo chaite, agus is mó colm agus créacht buailte anuas ar chathracha ar mhaithe lena chuir in oiriúint don gcanna clannach stáin, a dheighleann an tiománaí ón gcosmhuintir.

Ó cheart fearann an choisí agus iompar poiblí an chathair, cuimilt anaithnid gualainne ag gineadh fuinneamh. Ceangal céadfach idir dhaoine. Máille atá sa charr a chuireann an tiománaí ar a shuaimhneas ina spás féin, beag beann ar an bpobal.

Tá cathracha ársa ann a choinnigh a croí saor ón charr; Alexanderplatz Bheirlín, Cearnóg Naomh Peadar, Cathair Ársa Charcasonne - iad ar fad siúlta le fonn agam.

Le déanaí bhí mé ag coisíocht i mBarcelona, tríd lánaí a bhí beagnach glan ó charranna - cé go raibh an chuid sin den chathair scoilte scaití ag ascaill leathana a lig do na cairr réabadh tríd an gcathair.

Sna lánaí áfach atá an tsaoil.

Maitheas a rinne sé do Sráid Ghrafton Bhleá Cliath an charr a dhíbirt aisti. 

Díbrítear an charr ó idir an dá chanáil, agus bíodh saol sa chathair arís!