De bharr a laghad fógraíochta a bhí faoi, is beag nár chaill mé dráma na Taibhdheirce sa Phéacóg. Ach d'éirigh liom dul oíche Shathairn agus tá mé iontach sásta go ndearna.
Fionnó glúin na réabhlóide mise, gan nasc ar bith dáiríre le 1916. Agus glúin na ndubhó atá i dtreis anois dáiríre.
Garmhac fir a bhí san GPO atá i pearsa lár an dráma (Micheál Ó Dubhghaill), fear a tógadh ag an seanathair sin a bhí go mór faoi tionchar an Phiarsaigh. Piaras dá réir ar a garmhac.
Dealbhadóir, amhail athair an Phiarsaigh agus a dheartháir Willie. Ar maos i soiscéal ealaíona an Phiarsaigh de bharr an oiliúint a thug a sheanathair dó. Ainm in airde aige tráth de bharr gaiscí ealaíne ar an gcoigríoch. Mar is dual don ealaíontóir Éireannach nach bhfaigheann aitheantas in Éirinn gan é bhaint amach ar an gcoigríoch i dtosach.
Corr ina chinniúint de bharr buille a bhuail sé i gcoinne ealaíon a shíl sé bheith ró bhuirgéiseach. Maraíodh leanbh mar thoradh indíreach ar an mbuama a leag sé, agus é céasta ó shin ag a choinsias.
Sa riocht sin, beo ar fuisce is toitíní atá sé nuair a chuireann muid aithne air. Meirdreach déanta aige dá thallann, ag greannadh corr leac úir sa stíl bhréag cheilteach a bhfuil col aige leis d'fhonn bheith beo. Ach ag cuir le bró muilne a chiontacht ag an am céanna.
Tagann múinteoir óg ealaíne (Gráinne Beasdale) ionsar é, tairiscint aici go ndearfaidh sé leac cuimhneacháin don bPiarsach. Ag feidhmiú thar ceann coiste buirgéisigh atá sí, í ag iarraidh fíor ealaíon a thabhairt i láthair atá sí, mar a bhíonn sí ar scoil, ach i mbraighdeanas í féin dáiríre.
Níl ach triúr ar stáitse, ach cuireadh an choiste inár láthair ar físeán. Coiste a sheasann cuid mhaith do na fórsaí a bhfuil seilbh glactha acu ar an stáit, poblacht an Phiarsaigh i marbhfháisc acu.
An tionsclóir Gearmánach. Bean d'iarsma an tseanreachta a bhfuil brabach a bhaint aici as an talamh a ghabh a sinsir. Teachta dála de dhearbhfine glúin na réabhlóide, bean óg í atá beo ar éacht a sheanmhuintir agus dílis don gcóras. An fear gaimbín scéimeach. (Cúis iontais i bhfianaise ré a scríofa easpa an chléir ar an bhfoireann seo). Iad ag iarraidh feabhas agus forbairt, ag cnuasach leathphingin le pingin. Ag glacadh leis go bhfaighidh siad obair sásúil ar phraghas íseal ón ainniseoir imeallaithe.
Doireann Ní Foighil an tríú pearsa ar stáitse- sprid a fheidhmíonn mar choinsias, mar chiontacht, ach freisin mar bhé is tinfeadh.
Dráma foclach atá anseo, sleachta fada ó scríbhinní an Phiarsaigh go háirithe, Terrible Beauty Yeats, corr tagairt eile.
Ach bhí mise i mo shuí sách gar don stáitse go ndeachaigh súile fiáine Phiarais i bhfostú ionam, go raibh mé faoi gheasa ag gothaí na n-aisteoir agus an t-ábhar físe ar an scáileán a threisigh éifeacht na bhfocal.
Ní thugann saothair ealaíne freagraí simplí. Ach cuireann saothar fónta téada an anama ag crith. Beidh a phort féin ag cách.
Táimse fós faoi gheasa ag súile céasta Phiarais.
Ní ceadmhach neamhshuim...