Is dóigh liom gur tríd a chomhoibriú le Terry Pratchett ar Good Omens, úrscéal faoi dheireadh an domhain lán greann is gaois a chuir mé aithne i dtosach ar Neil Gaiman.
Le roinnt blianta táim ag ransú leabharlanna sa tóir ar saothair leis. Bhain mé an-taitneamh as American Gods agus Anansi Boys. Is breá liom an úsáid a bhaineann sé as scéalaíocht ársa agus an dóigh a bhaineann sé casadh úr as. Léigh mé freisin roinnt dá úrscéalta graifeacha.
Tháinig ar an gcnuasach Trigger Warnings le déanaí. Gearrscéalta ón alltar, uafás iontu go minic. Máistir gearrscéalta a bhfuil úire smaoineamh iontú fiú nuair atá amhábhar ársa in úsáid aige. An tromluí leithead gruaige ón gnáthshaol.
Tá leagan iontach aige de Coladh Céad Bliain aige, casadh iomlán as an nua ann agus Plúirín Sneachta mar banlaoch fuascailte ann.
Ainneoin an alltar agus an t-uafás daonnacht agus an duine is ábhar do na scéalta, mar is dual do scéalaíocht máistriúil.
Ach an rud a dhéanann uraiceacht as an gcnuasach seo ná an brollach ina chuireann sé síos ar a fhoinsí inspioráide agus a laochra.
Laoch dá chuid is ea Ray Bradbury, agus insíonn sé conas ar chaith sé siúd leathlá ag plé ceird an scríobhneora le buachaill óg.
Feictear dom go bhfuil comaoin á chuir aige ar a leithéidí leis an crobhaing scéalta seo agus a léirmhíniú fóinteach sa bhrollach.
Ní scríbhneoir mise ach léitheoir. Mar sin féin bhí tairbhe ann dom.