Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-07-31

Ecclesia et Synagoga

Ba chathair Protastúnach Beirlín faoi na Kurfürsten ( prionsaí a thogh an Impire). Bhí teannas ann idir an Rítheaghlach a bhí Cailvíneach, agus an daonra a bhí Liútarach. Bhí siar is aniar ann, agus gluaiseachtaí aontaithe. Is beag spás áfach do Chaitlicigh. Agus an Gründerzeit faoi lántseoil áfach ag tús an chéad seo chaite thosaigh cosmhuintir caitliceach ag teacht isteach sna plódcheantair, Kreuzberg ina measc.

Bíonn na hEaglaisí Chaitliceacha a tógadh san ré sin i bhfolach i measc na dtithe. Uaireanta is an balla tosaigh céanna atá acu agus na tithe béal dorais, scaití bíonn eaglais le cruth sách traidisiúnta folaithe i gclós cúil.

Bhí an séipéal a d'éist mé aifreann Domhnaigh i Kreuzberg - Eaglais ár mBantiarna Chaoin - suntasach ar go leor bealaí.

Ní raibh sé le feiceáil ach nuair a bhí tú i do sheasamh díreach ós a chomhair.

Tógadh i 1910 é le cuidiú deontóirí saibhre, mar bhí lucht an pharóiste beo bocht. Ach is i stíl a rinne aithris ar na meánaoiseanna atá sé tógtha, stíl nua Rómhánúil.

Tá athnuachan déanta le déanaí air, agus cuma maith air cé go bhfuil an cloch tar éis fulaingt de bharr na haimsire agus salachar na cathrach.

Ar dhá thaobh an dorais tá íomhánna a raibh léite agam fúthu, ach nach raibh feicthe agam cheana - eadhon an Eaglais buacach agus an sionagóg cloíte. Íomhánna a bhí coitianta sna meánaoiseanna, agus a chuir faraor leis an frith Ghiúdachas, ag lochtú na nGiúdach as droim láimhe a thabhairt don slánaitheoir. Rud a raibh a chuid féin den locht air chun an bealach a réiteach don uileloscadh. Seachas na híomhánna a bhaint agus an stair a shéanadh, tá fógra mínithe crochta ag an gcomhairle paróiste, maille paidir Naoimh Eoin Póil um leorghníomh sna peacaí i gcoinne na nGiúdach.