Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-10-27

Tigh Doinn, cad as don ainm?

 

Tigh Doinn, Nigel Cox, Geograph.


Teach nDuind, cidh diatá? Ní ansa. In tan dolotar meic Miled aniar don Erinn, asbert a n-druí fríu: ‘Fear raghas isin crand siúil’, for se, ‘& madh é chanus ar tus dichedla for Tuathaib Dei, maighfidh in cath forro, & lindi íarsin co brath a tír: & bebais in fer cuirfes in m-bricht.’ Fochres crandchor forro, & tachraidh do Dhonn taidhecht isin seól. Dogníther íarom samlaid, & luidh Dond isin seól, & canaidh tinchetla fríu, & doluidh sís iarsin, & asbert: ‘Tonga na deo’ ol sé, ‘cona didhemthar cert no cóir duib festa.’ Canaid-seom dano di thír tinchedla forro-som dia fregra. Iar mallachadh Duinn íarom do Thuaith De dofáinic crith-ghalar fo chétóir isin luing. Asbert Amarghen: ‘Bidh marb Dond’, for se, ‘& ní seghdha dund congbail im athgabail an ghalair. Ar día ructhar Dond i tír, bíaidh an galar-sa co brath a n-Erinn.’ Asbert Dond: ‘Berar mo choland-sa’, for sé, ‘a n-oen na n-ínnsi, & dobéra mo chinél bendachtain form co brath.’ Ticc íarom ainbhtine doibh tria thinchedlaibh na n-drúadh, & báiter an bárc a m-bái Dond. ‘Berar a choland isin carraic n-aird thall’, ol Aimhirghen: conidh de dogarar Teach nDuind. ‘Ticfad a munnter an maighin sin’, ol Amhirghen. Is aire sin adellad na h-anmanda peccacha co teach nDuind ría techt a n-ifearn, do reír na ngennti, cédus, co tabraid a m-bendachtain for anmain Duinn. Madh anum fírén imorro fir aithrighe is di chéin adcí-sidhe, & ní berar fordul. As i sin tra cédfaidh na ngénnti. Conid desin dogarar Tech nDuind.

Dindshenchas 113


Tigh Doinn, cad as don ainm?
Ní hansa. An tan do tháinig Mic Míle aniar go hÉirinn, dúirt a ndraoi leo "Téadh fear ar an gcrann seoil", ar sé, "agus canadh dícheadal i gcoinne Tuatha Dé, sular féidir leo siúd amhlaidh a dhéanamh, brisfear an cath orthu agus is linne feasta an tír; ach basóidh an té a chuireann an briocht". Cuireadar ar crannchur eatarthu é, agus thit sé ar Dhonn dul sa crann seoil. Déanadh amhlaidh agus dhreap Donn an crann seoil agus chan dícheadal uaidh, agus tháinig anuas ansin agus dúirt: "Mionnaim dar na déithe" ar sé, "nach bhfaighidh sibh ceart ná cóir feasta". Chan Tuatha Dé ar thír dícheadal ina choinne mar fhreagra. Tar éis do Tuath Dé Donn a mhallachtú ón tír tháinig crith ghalar sa long. Arsa Amairgen "Éagfaidh Donn, agus ní séanmhar dúinn a chorp a choinnéail, nó tolgfaimid an galar. Agus má thugaimid Donn i dtír beidh an galar in Éirinn i gcónaí." Arsa Donn "Tabhair mo chorp go dtí ceann de na hinsí, agus beannóidh mo mhuintir i gcónaí mé." Ina dhiadh sin tháinig anfa orthu trí dícheadail na ndraoithe agus bádh an bárc ina raibh Donn. "Tabhair a chorop go dtí an cloch ard thall" arsa Amairgen : da bhrí sin tugtar Teach Donn air, "Tiocfaidh a mhuintir chuige sin". Is dá bhrí sin a thagann anamnacha na bpeacach chuig Teach Donn roimh dul go hifreann dóibh, dé réir na ngintlíthe, go dtabharfaidh siad a mbeannacht d'anam Dhoinn. Maidir leis an anam fhíréin a bhfuil aithrí déanta aige is ó i gcéin a fheiceann sé é agus ní bheirtear ar strae é. Sin, ar a laghad, creideamh na ngintlí. Dá bhrí sin tugtar Teach Doinn air.

2021-10-22

Cé leis litríocht na Gaeilge?

Rinne Eoin P. Ó Murchú léirmheas le déanaí ar A History of Ireland in a Hundred Words, leabhar snasta a d'fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann agus a chnuasaigh an fhoireann a rinne uasdátú ar foclóir an Acadaimh céanna - eDil, foclóir leictreonach na Gaeilge.

Tá Eoin den tuairim go mba cheart a leithéid de saothar, atá ag tarraingt as saíocht agus litríocht na Sean-Ghaeilge, a bheith ar fáil sa Nua Ghaeilge. 

Is dóigh liom go bhfuil pointe aige. Ach tá rudaí eile le cur san áireamh. 

Is cuid de feachtas bolscaireachta ar son an togra uasdátaithe ar eDil is ea an leabhar, togra a raibh Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus Ollscoil Cambridge páirteach ann, agus maoiniú ó foinsí éagsúla i gceist leis. 

Bíonn brú ar thograí acadúla mar é aird an phobail níos leithne a tharraingt ar a gcuid oibre, fiú más ag fónamh dá chomhscoláirí is mó a bhíonn siad. 

Ach fiú laistigh den Acadamh, ní hionann spéis agus cumas san Sean Ghaeilge agus cumas nó fiú spéis i dteanga an lae inniu. 

Fiú ó thús na spéise sa Ghaeilge is as Gearmáinis nó Béarla a bhíothas ag foilsiú na hailt léannta, cuma an Gaeilge na linne nó Gaeilge ársa a bhí faoi chaibidil. 

Bíonn gan amhras scoláirí - fiú iadsan ó i bhfad i gcéin - a shealbhaíonn Gaeilge na linne seo sa bhreis ar Gaeilge ársa na sean litríochta. 

Ach ní gá go mbeadh spéis dá laghad ag scoláire teanga nach bhfuil baint aige dáiríre lena gcuid oibre a shealbhú - sa mhullach ar an dua a chaitheann siad leis an obair féin. 

Mar sin, cé gur mhaith liom níos mó saothair faoin nGaeilge ársa a fheiceáil as Gaeilge na linne seo, ní dóigh liom go bhfuil sé cóir scoláirí a lochtú as díriú ar a spriocanna féin a bhaint amach, agus as pé rud a chabhróidh leo maoiniú chuige a fháil agus a mhéadú. 

Agus sé oighear diachrach an scéil gurb é an Béarla teanga an léinn agus go háirithe na bolscaireachta faoi láthair. 

Tá obair mhaith á dhéanamh ag scoláirí le Gaeilge na linne seo, mar sin féin, ainneoin gur beag ardán atá ar fáil dóibh. 

Níl fhios agam conas a d'fhéadfaí cuir leis. 


2021-10-02

Khalil


Tá sé mar aidhm ag Barzaz scoth na litríochta comhaimseartha a chuir faoi bhráid léitheoirí na Gaeilge, tríd aistriúchán.

 Seo chugainn mar sin an chéad ghála - Khalil, scéinséir aistrithe ón bhFraincis, scríofa ag údar mór le rá de bhunadh na hAilgéire a bhfuil a cháil saothraithe aige as léargas a thabhairt ar an ndomhan as a fáisceadh é féin. Ba oifigeach airm san Ailgéir é (cúis amháin a scríobhann sé faoi ainm chleite, bunaithe ar ainm a nuachar - cé go bhfuil a ainm féin ar eolas anois). Bhí sé gafa sa throid le trodaithe Ioslamacha san Ailgéir sula ndeachaigh sé ar imirce.

Bhí gaol leis i measc na n-íospartach in ionsaí sceimhlitheoireachta 2015 i bPáras, agus cónaí ar féin sa Fhrainc le fada.

San úrscéal seo is duine den drong a bhí le fogha a thabhairt faoin Stade de France é Khalil, é i gceist go séidfidh sé é féin san aer ar thraen plódaithe RER - traen fo-bhaile a thaistealaíonn faoin dtalamh don mórchuid - tar éis an chluiche. Tá sé i gceist aige sin a dhéanamh, ach cliseann ar an ngaireas. 

Is smaointe Khalil atá againn sa scéal ó thús deireadh, é ag iarraidh filleadh ar an mBruiséil, trína chéile ag teip an bhirt a bhí sé tiomanta dó. Tá a dhlúthchara agus comrádaí básaithe san eachtra. 

Tríd a chuid smaointe faighimid léargas ar an dóigh a rinneadh trodaí as, a chúlra teaghlaigh, an stoiteachas a bhraitheann sé leis an tír inár tógadh é, an seasmhacht a thugann na bráithre dó.

Ní thugann an t-údar breith, cé go gcloisimid tuairimí eile i gcomhráite fánacha a chloiseann Khalil nó ina phlé lena deirfiúracha, duine acu a bhfuil cion mór eatarthu, a leathchúpla agus duine eile a bhfuil a saol féin scriosta agus í i ngleic le fadhbanna meabhairshláinte.

Feicimid freisin go bhfuil cosán eile ann, tríd saol a chomrádaí scoile a mhaireann cairdeas leis ainneoin eisean a bheith comhshamhlaithe go maith agus ag éirí go measartha leis san saol. Dar le Khalil is aire na huibhe a thug a mháthair dó faoi ndear sin, agus go bhfuil sé ag cuir dallamullóg air féin faoin nglacadh atá leis.

Scéinséir ceart atá sa scéal, agus Khalil ag iarraidh ciall a bhaint as an eachtra, gan fhios aige an mbeidh glacadh ag na bráithre leis an teip, an nglacfar leis nach é is cúis leis. Agus tá na péas ar an airdeall - tá stair fíreannach na heachtraí i bPáras agus an méid a d'eascair astu fite fuaite leis an ficsean sa scéal, agus thug an lorg na póilíní go dtí ceantar Molenbek na Bruiséile áit a bhfuil Khalil agus a bhráithre lonnaithe, agus iad ar a sheachaint dá réir.

Dearcadh Khalil atá á fháil againn tríd síos, agus pé tuiscint a fheicimid is de bharr a mharana siúd ar an gceist a fheicimid é, nó i gcomhráite le daoine eile nó i measc daoine eile - níl an údar i mbun breithiúnais.

Carachtar lán domlas agus feirge agus féin dímheas é Khalil - níl ach an leagan righin dá chreideamh i gcomhluadar a bhráithre mar chrann taca dáiríre aige, cé go bhfuil grá aige dá leathchúpla agus gean áirithe dá chara, is ar a théarmaí féin atá sin aige.


Saothar gur fiú smaoineamh air atá sa leabhar cé nach bhfuil fhios agam an bhfuil aon leid ann conas teacht roimh an stoiteachas a dhéanann sceimhlitheoir as duine óg de chlann na n-imirceach - nó go deimhin antoisceach foréigeaneach ar an eite dheis dá mhacasamhail de mac dúchasach.

 Fadhbanna atá ag méadú san Eoraip - agus scaití daoine óga ag dul sa dá threo - sliocht na n-imirceach frith-imirceach, sliocht na pobail seanbhunaithe ag dul le cinnteacht an Ioslamachais raidicí.

Níl ach cuid den scéal sa leabhar seo. Tá tuiscint áirithe le fáil ann ar chuid de fréamhacha na faidhbe. Ach mar shampla is maith ann mar chodarsnacht scéal an íospartaigh i Ní bheidh fuath agam oraibh

Is dóigh liom go bhfuil obair thar na bearta déanta ag Máirín Nic Con Iomaire leis an aistriúchán, sa mhéid is, cé go bhfuil an insint lonnaithe sa Bheilg i measc pobal inimirceach ó thuaisceart na hAfraice, nár mhothaigh mé an insint a bheith riamh mí nádúrtha nó saorga as Gaeilge. Fiú is go bhfuil nathanna dúchasacha Gaeilge fite tríd, ag freagairt glacaim leis do chinn a bheadh dúchasach ag na carachtair - feileann siad don insint. 

Táim buíoch do Bharzaz a sheol cóip léirmheastóireachta den leabhar chugham. 


Yasmina Khadra
Aistritheoir: Mairín Nic Con Iomaire
ISBN: 978-1-910945-85-8