Thug mo shonuachar mé go dtí amharclann an Mermaid aréir. Ceolchoirm faoi stiúir Éamonn Sweeney, a bhfuil roinnt oibre déanta aige freisin leis an Barn Ensemble atá faoina stiúir.
Ceol Éireannach a bhfuil scríbhinní chomh fada siar leis an 17ú aois ar mharthain dó - breactha síos i dtosach ag oirfidigh liúit in Albain.
Uirlisí stairiúla a sheinneann Éamonn, agus is viola da gamba a bhí ag a leathbhádóir Malachy Robinson ar an oíche, agus ag pointe amháin bhí gliográn adhmaid ar a rúitín aige freisin. Ag pointe eile rinne sé droma dá uirlis!
Tá CD den teideal céanna leis an ceolchoirm ag draoi an ghiotáir Steve Cooney. Bhí seisean agus Cormac Breatnach ag tacú leis an gceol tríd an traidisiún bheo a thabhairt isteach sa chumasc.
Droichead idir an dá thraidisiún a chuir an cláirseoir Aisling Ennis ar fáil.
Fad is a bhí na ceoltóirí ag allagar i gceol le chéile i ndorchadas na hamharclainne, spotsolas ar dhuine i ndiaidh duine acu, bhí asarlaíocht físe ar an scáileán laistiar daoibh. Radharcanna de dhúlra agus daoine in oiriúint don gceol, agus íomhánna de na ceoltóirí féin fite go taibhsiúil tríd.
Idir na míreanna, nuair a bhí na ceoltóirí ag athtiúnáil, craoladh focail dánta agus amhráin móide téacs ar an scáileán. Guth i nGaeilge agus focail i mBéarla, nó a mhalairt.
Taibhiú nócha nóiméad, agus an rud a gheall Éamonn ag an tús - tumadh iomlán sa cheol. Aistear aigne agus anama.
Tá siad ar chamchuairt fós creidim.