Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-12-22

Scéalta Titley Fáidh

An dtaca seo anuraidh a fuair mé an leabhar seo, ach idir seo is siúd níor léigh mé i gceart é go dtí le déanaí. 

Tá dhá chuid sa leabhar. Cnuasach de colúin bhliantúla Alan Titley ina mbaineann sé casadh as scéal na Nollaig chun teachtaireacht a phlé. Go leor acu sin, bhí siad léite agam tráth a fhoilsithe san Irish Times. 

An dara chuid, a shamhlú ar scéal óige Íosa. Go pearsanta, níor thaitin an chuid seo liom in aon chor. Sé an chaoi go bhfuil eolas cuíosach maith agam ar na scrioptúir, agus ar ndóigh is Pápaire mé. D'aithin mé na tagairtí, mar sin, agus bhain sé tuisle asam iad a bheith réabtha as comhthéacs agus lonnaithe i gcomhthéacs nua. Mí-oiriúnach, dar liom féin. Bhraith mé go raibh cleasaíocht agus gliceas Titley ar fáin. Mothaím sin uaireanta le saothar dá chuid - go mbíonn fonn cleasaíochta an pensionée terrible (mar a thug Caitlín Nic Íomhair air tráth) ag cuir an saothar ó rath.

Ach is dócha gur mó a insíonn sin fúmsa ná faoi siúd! 

2025-12-20

Stair ailtéarnach láidir, ficsean eolaíochta nach sroicheann an sprioc


Shamhlóinn Colm Ó Ceallacháin Éire eile, i lámha fear láidir ó chogadh na saoirse, greim daingean aige agus a scuaid brúidiúil péas rúnda ar an tír. Rud a d'fhéadfadh a bheith tarlaithe i bhfianaise an méid a bhí ag tarlú sna tríochaidí trasna na hEorpa. 

Baineann cuid den scéal leis an Ginearál, an deachtóir, a bheith ar leaba an bháis. A mhac imithe le ragairne agus drabhlás, a phósadh fuaraithe agus searc iompaithe ina ghráin. A bhean ag cuir a neart isteach i gcinntiú gurb ag a mac seachas a fear a gheobhaidh an cumhacht. 

Trasna an scéil tá scéal triúr aosánach, deich mbliana roimh tús an scéil. Bíonn lánúin ar saoire in iarthar Chorcaí, áit a bhfuil aint agus colceathrar na mná. Agus, mar a tharlaíonn, garmhac an Ghinearáil. Forbraíonn caidrimh éagsúla idir gean agus gráin eatarthu. 

Agus eascraíonn tragóid as sin. 

Baineann an ficsean eolaíochta, a theip dar liom, agus nach gcuireann pioc leis an scéal, le hiarrachtaí garmhac an Ghinearáil, am agus spás a chur as a riocht. 

Dá mbainfí as an scéal ar fad é, bheadh an t-úrscéal ina scéinséir stair ailtéarnach iontach maith. Le castaí agus corra gan choinne. 


Colm Ó Ceallacháin
200 lch; clúdach bog; 
978-1-913814-64-9
Leabhar Breac 



2025-12-13

Cáithníní ag iompú giotáin

Le déanaí b'éigin lear mór eitleán de dhéantús Airbus a bhaint as seirbhís, go dtí gur athraíodh go sean leagan den mbogearra. Chuir Airbus an milleán as an eachtra, nuair a thit eitleán go tobann cúpla céad troigh, agus gur gortaíodh daoine, ar radaíocht na gréine.

Bhí sé ag dul rite liom a thuiscint conas gur sean leagan den mbogearra an leigheas ar a leithéid. Ní bhíonn tionchar ag radaíocht ar bhogearra, bíonn ar chrua earra.

Nuair a bhuaileann cáithnín ard fuinnimh cuimhne ríomhaire is féidir luach giotáin a athrú ó haon go náid, nó a mhalairt. San earnáil spáis, mar atá a leithéid níos coitianta, is gnách go mbíonn crua earra ar leith in úsáid. Bíonn cód ceartaithe earráide sa chrua earra féin - cúpla giotán sa bhreis a mbraitheann a luach ar luach na ngiotán atá in úsáid. Mura bhfuil an luach san cód sin ag teacht leis an luach sa chuid in úsáid, tá "tuaiplis aon uaire" tarlaithe. Go hiondúil, is féidir botún giotáin amháin a cheartú leis an cód, agus botún dhá ghiotán a aithint.

Is féidir a leithéid a dhéanamh sa bhogearra freisin gan amhras, agus is féidir le "CRC" - "seiceáil chioglach iomarcaíochta" réimse níos leithne cuimhne ná beart amháin a chosaint. Déantar áireamh a ríomh ar féidir a úsáid chun athraithe sa réimse cuimhne a aithint, agus athrú giotáin amháin a cheartú. Rinne mé iarracht fáin uair amháin an matamaitic laistiar de thuiscint, ach bhí sé róchasta dom. Oibríonn sé, is leor sin domsa!
 
Is gnách a leithéid a bheith i bhfeidhm ar theachtaireacht  a seoltar go spásárthach, agus go deimhin thar líonra "glórach" ar thalamh.
 
Braitheann eitilt shreangrialaithe ar theachtaireachtaí idir ríomhairí. Is cosúil go bhfuarthas réidh le seiceáil cuimhne nó teachtaireachtaí - ní léir dom cé acu - sa bhogearra nua. Nuair a tharla tuaiplis aon uaire, an toradh a bhí ar an casadh giotáin na titim tobann an eitleáin - toisc gur baineadh an tátal mícheart as stiúir chuig eireaball an eitleáin.  
 
De réir mar a éiríonn crua-earraí níos lú, bíonn an baol go dtarlódh tuaiplis aon uaire mar seo níos mó. Beidh gá le breis cúram chun cosaint ina choinne.
 
Gnáthrud é freisin ar spásárthach an chuimhne ar fad a "sciúradh" go rialta -  gach beart a léamh agus a athscríobh go rialta chun go nglanfaí aon tuaiplis aon uaire, ag baint feidhm as an gcrua earra, a cheartódh botúin shimplí. Má bhíonn an botún níos mó, is féidir an ionad sin sa chuimhne a mharcáil mar briste - ach tá sé sin níos casta le láimhseáil. 
 
Mar sin, arís eile - athrú bogearra a bhí sa réiteach - ach fadhb deartha (fáil réidh leis an seiceáil) agus fadhbanna crua-earra ab ea an chúis. 

2025-12-06

Bódléar


Cé gur léigh mé an t-úrscéal seo taca an ama seo anuraidh, ar chúis amháin nó cúis eile níor scríobh mé faic anseo faoi. Scaoil mé cúpla teachtaireacht chuig na Spéiríní faoi, mura bhfuil dul amú orm. 

Tarlaíonn sé gur athléigh mé le déanaí é.

Scéal spéisiúil athrú ré atá ann. File pobail a thagann ar ais ón scoil éigse agus lagmhisneach air faoin seanreacht. Ach pobal a éilíonn na seancinnteachtaí, mar sin féin. 
Agus a shíleann cearta a bheith acu ar an bhfile, ar máistir scoile é freisin. 

Sagart tiarnúil paróiste. Bean óg spreagtha. Triantáin grá. Seanmhaighdean sa tóir ar fear. Tionchar na Fraince, agus an tionchar sin ag athrú. Agus sa chúlra, bagairt an Ghorta. 

Scéal éadrom lán grinn, ach an dáiríreacht tríd an ghrinn. 

Scíthléitheoireacht le lón machnaimh. 


Darach Ó Scolaí
136 lch; clúdach crua 
978-1-913814-65-6


2025-12-04

Tá struchtúr de dhíth ar fhoilsitheoireacht, léamh ⁊ scríobh na Gaeilge

Bhí mé ag mórsheoladh Comhar aréir, i seomra plódaithe de chuid an United Arts Club. Fear teilifíse, Pádhraic Ó Ciardha (a bhfuil suáilcí eile aige) cathaoirleach reatha Comhar agus is é Alan Esslemont a chuir sé in aithne chun an seoladh féin a dhéanamh. 

Bhí Cine4 luaite ag Pádhraic mar chuid de shaothar Alan, cé gur luaigh sé Cinegael in iomrall focail i dtosach. Tráthúil go leor, bhí an leabhar Scannánaíocht na Gaeilge i measc na leabhar a bhí le seoladh, agus rinne Alan trácht ar cheannródaíocht agus tionchar Bob Quinn ina chaint.

Ba é príomh éirim a chaint áfach ná, faoi mar a bhunaigh seisean agus daoine eile Cine4, ní toisc nach raibh scannáin as Gaeilge ar fáil, ach chun struchtúr a chur ar fáil go bhféadfadh an scannánaíocht fás agus forbairt fiú agus na cúinsí ag athrú, go raibh a mhacasamhail de struchtúr de dhíth ar fhoilsitheoireacht, léamh agus scríobh na Gaeilge.

Luaigh sé go moltach an iniúchadh a rinne Coiste Oireachtais na Gaeilge faoi chathaoirleacht Aengus Ó Snodaigh chun an staid reatha a chíoradh, agus an easpa maoinithe. Ach shoiléirigh sé nach i mbreis maoin atá an réiteach ach go bhfuil gá le straitéis agus struchtúr. 

Mar a tharlaíonn, sa leabhar do pháistí (agus Daideonna) a bhí le seoladh aige Coiscéim coiscéimín tá cód QR a thugann rochtain ar thaifid den údar ag léamh a saothar. Rud a bheidh úsáideach do thuismitheoirí agus seantuismitheoirí nach bhfuil iomlán ar a gcompord le labhairt na Gaeilge. Agus a bheidh fóinteach freisin do thurais gluaisteáin!

Faoi Scáil Gheal na hIndia le Gabriel Rosenstock an leabhar deiridh a bhí le seoladh, agus eagrán na Nollaig de Chomhar.

Labhair údair agus eagarthóirí na leabhair ansin, Gabriel ar fhíseáin réamhthaifeadta toisc go bhfuil sé faoi chóireáil ceimiteiripe faoi láthair agus ag seachaint sluaite. 

Gníomh eile a bhí le cur i gcrích na bronnadh duais ar scríbhneoirí acadúil a raibh saothair den scoth acu i gComhartaighde.

Rud a rinne Réamonn Ó Ciaráin, príomhfheidhmeannach Gael Linn, urraitheoir na nduaiseanna.

Bhí neart ábhar machnaimh sna cainteanna a tugadh. Gura fada buan Comhar. 

Deá scéala go bhfuil ardú maoine faighte ag earnáil leabhair agus iriseoireacht scríofa na Gaeilge, dhá earnáil atá ar an ngannchuid go háirithe ó chliseadh geilleagrach 2008.

Ach tá gá le fadradharc, straitéis agus struchtúr chun leas a bhaint as an maoiniú.

Aguisín :luaigh sé https://llyfrau.cymru/ mar eiseamláir den rud atá de dhíth.