Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-05-30

Bás agus Beatha mar siamsaíocht

Anois, ón dream a bhronn "Big Bother" orainn, clár teilefíse ina shocródh bean atá ag saothrú an bháis cé do a dheonóidh sí a hae.

(Scéal anseo)

Seo Cultúr an Bháis agus "Iomráiteachas" imithe thar fóir ar fad.

Níl eitic ar bith nach reicfear ar son cúpla bomaite "cáile".

Teilifís réaltachta?



Aguisín. Bhí scéala ar ar nuacht anocht gur bob a bhí ann.

Fíor othair a bhí ag lorg duáin (seachas ae mar a scríobh mé thuas), ach aisteoir ab ea an deontóir.

Cleas margaíochta do Chumann Duán, is cosúil. Ach fós táim amhrasach faoi.

2007-05-26

Ag filleadh!

(Sa DDR, nuair a bhíodh vóta ar siúl, bhíodh ar daoine na hainmneacha a scriosadh den bhallóid más rud é gur theastaigh uatha duine a bhaint den liosta. Níorbh fiú é sin a dhéanamh, mar sin ní dheachaigh daoine a vótáil, chuaigh siad ag "filleadh")



Bhuel, tá an toghchán thart. D'éirigh le Bertie na cosa a thabhairt leis arís eile.
Tá na PDanna scriosta, agus Mac Dubhghaill ar filleadh ar an dlí. (Is maith sin!)

An dóchas atá agamsa ná go mbeadh na Glasaigh de dhíth ar Bhertie chun rialtas seasmhach a chuir ar bun. Chuaigh muid ró fhada i dtreo an margadh faoin Rialtas deiridh, agus rinneadh faillí i gcúrsaí Imshaol.

Níor éirigh le Deirdre de Búrca anseo i gCill Mhantáin faraor, ach níor creimeadh na Glasaigh an oiread agus a creimeadh na mionpháirtithe eile.

Is trua an Ciarraíoch Glic Sóisialach Joe Higgins a bheith imithe as an Dáil. Níl ann anois ach Bertie, an Taoiseach Sóisialach, (más fíor do fhéin agus Cathal Mac Riabhaigh)! Ba mhinic Joe agus a dheisbhéal ag cur an lasair sa bharrach, agus ag cur beatha i gcúrsaí dála.

Beidh an margaíocht ar bun go tréan idir seo agus 14ú Meitheamh.

2007-05-20

Fir bheaga, mór-cumhachtacha

Bhí an tAire Dick Roche romham agus mé ag dul ar Aifreann ar maidin, agus é ag stocaireacht. D'éirigh liom é a sheachaint.

Ach thug mé faoi ndeara gur fear sách íseal é, agus mheabhraigh sin dom arís gur minic amhlaidh i measc lucht údaráis.

An taithí atá agam gur fearr liom go mbeadh an fear atá i gceannas orm níos mó nó ar chomh airde liom fhéin.

Fir bheaga ab ea na deachtóirí mhóra ar fad.

Cé go raibh corr eisceacht ann, is fir bheaga ab ea taoisigh na Tíre seo chomh maith. Seachas Dev, dar ndó.

Bhí scéal deas faoi Feardorcha Mór na Gearmáine (a bhí íseal go maith).
Bhíodh reisimint de fhir arda aige - na "Boic Fhada" (Lange Kerle)
Tharla nach raibh sé fhéin ábalta teacht ar rud éigin a bhí ar mhatail. Thug duine dos na boic fada dó é, agus dúirt, "Anois, nach maith a bheith mór?" Ba an fhreagra a fuair sé ná:
Er ist nicht gross, Er ist bloss lang

Sé sin (bhain na sean Gearmánaigh úsáid as an tríú phearsa do dhuine ar chéim níos ísle)
Níl sé mór, níl ann ach go bhfuil sé fada

2007-05-18

Cornet Wales agus Bithiúnaigh Bhasra

Scéal nach scríobhfar anois, ó tharla gan arm na Breataine a bheith sásta Annraoi óg Windsor a chuir anall. Ní bheidh Annraoi ag scairteadh, mar a rinne Annraoi V; "Sa bhearna baoil linn, uair amháin eile, a chairde dílis liom". Bhí fir na bpúicíní dubha réidh le féachaint chuige nach bhfillfeadh sé, ná scata dá chomrádaithe, as an mbearna chéanna.

Caithfidh mé a rá nach mbeinn fhéin sásta mo mhac ná mo garmhac a sheoladh sall. Ach tá mianach eile i gclann Windsor, iad uilig tógtha le dualgas mar chéad cloch ar a bPaidrín. Ach sí a mháthair mór an duine deiridh a d'fhoghlaim an cheacht i gceart, feictear dom.

Tá trua agam do theaghlach ríoga Sasana, agus go hairithe don glúin is óige.

Scrios saol an teaghlaigh Ríoga, agus go hairithe an síor iniúchadh poiblí, saol a máthair. Ní thig leo scaoileadh leo féin agus gnáth tuaiplisí na hóige a chuir díofa.
Má ólann siad braon thar an tart, beidh sé an chéad leathanach an Sun an lá dar gcionn.
Agus caol seans go mbeadh a rogha páirtí don saol acu.

Fiú nuair a théann siad le ceann den beagán gairm bheatha atá oscailte dóibh, bíonn srianta orthu.

Baineann an rud ar fad le ré eile; ré nuair a shocraigh do bhreith do chinniúint, do ghairm, do chreidimh.

Tá sé in am ag na Breatnaigh réabhlóid eile a bheith acu, agus clann Windsor a shaoradh ón daoirse!

2007-05-13

Innealtóirí sa bPolaitíocht

Bhí cara liom ag clamhsán tamall ó shin faoi gan Innealtóirí a bheith níos fairsinge san Oireachtas.

Ansin, ó tharla gurbh innealtóir i dtoghlach na hOllscoile Náisiúnta mise, fuair mé litir ón Seanadóir Brendan Ryan. Innealtóir eisean (rud nárbh eol dom) - an t-aon innealtóir sa Seanad. Bhí sé ag rá, agus aontaím leis, go bhfuil bealach ar léith ag innealtóirí teoiric a mheas. Dream thar a bheith pragmatach muid de ghnáth. "An oibreoidh sé?" an scagaire a bhíonn againn.
Bhí sé ag lorg an vóta innealtóra, cé gur aithin sé go bhfuil éagsúlacht mhór tuairimí pholaitiúla i gceist i measc innealtóirí.

Ainneoin sin, tá dís eile chun cinn air i mo rogha don Seanad!

Eisean, Joe "Dingle Dangle" O Toole, agus Feargal Quinn ionadaithe na hOllscoile náisiúnta faoi láthair. Oide agus ceardchumannaí é O'Toole, nach raibh mórán bá agam leis riamh, agus fear gnó é Quinn (Bunaitheoir Superquinn).

Cé gur mhaith liom níos mó innealtóirí a fheiceáil sa Seanad, tá beirt dlíodóir níos gaire don rud a mhaith liomsa!

Rónán Mullen an fear is gaire do mo chuid smaointe ar mór chuid ceisteanna.

Agus beidh Dáithí Mac Carthaigh san áireamh agam chomh maith.

2007-05-10

Ardáin agus Ísleáin

Bhí mo chomhghleacaí Síneach ag déanamh iontas de gur beag teach cónaithe in Éirinn atá níos mó ná ceithre stór.

Tá ilstóraigh cónaithe coitianta thall, gan amhras.

Ach táim ag ceapadh go m'bhfiú dúinn an cheist a chíoradh abhus. Go hairithe agus BÁC ag scaipeadh chun na ceithre harda.

Cuimhnigh air. In ionad scata teach ceithre stór, sa mhullach ar a chéile, céard faoi teach dhá stór déag, agus gairdín fairsing timpeall air? D'fhéadfaí an dlús cónaithe a ardú, agus an comhshaol cónaithe a fheabhsú.

Bheadh buntáistí ó thaobh caomhnú fuinnimh ann chomh maith; bheadh sé níos fusa teach mar é a théamh.

Chaithfí an rud a dhéanamh go cúramach; baile ilstórach a thógáil, leis na seirbhísí caoi; scoileanna, lianna, siopaí agus mar sin de. Agus a lán glas.

Rinneadh botúin sa réimse seo cheana (Baile Munna, Tamhlacht - áit a cuireadh na mílte tithe tríocha éigin agus ná fuiltear ach ag tógáil na seirbhísí le leath scór!, Gropiusstadt i mBeirlín, agus samplaí eile nach iad.)

Ach ba cheart go bhfeadfaimis foghlaim as sin, agus bogadh ar aghaidh. Ní gá againn ar fad le péire thuas, péire thíos, agus stampa poist de ghairdín, seasca éigin km ón obair.

2007-05-08

Tráth síochána

Tá a íonú féin ag gach uile ní agus tá a thráth ann don uile ghnó faoin spéir:

tráth breithe, tráth báis,
tráth curtha síl, tráth bainte fómhair,
tráth maraithe, tráth leighis,
tráth leagtha, tráth tógála,
tráth goil, tráth gáire,
tráth caointe, tráth rince,
tráth scaipthe cloch, tráth bailithe cloch,
tráth beithe barróg, tráth séanta barróg,
tráth cuardaigh, tráth caillte,
tráth coimeádta, tráth caite,
trá grá, tráth fuatha,
tráth cogaidh, tráth síochána

Cóheilit (Ecclesiastes) 3 1:9


Tráth síochána. Sin focail nach raibh mé ag dréim iad a chlos riamh ón Dr No é fhéin, an tUrramach Ian Paisley. An fear a raibh lámh láidir aige san splanc a d'adhain na trioblóidí.

Cuimhnigh gur chun náisiúnaithe a chosaint ó cóip na sráide a chéad tháinig trúpaí na Breataine go Tuaisceart Éireann, sna 1960í. Agus bhí lámh ag Ian Mór ag spreagadh an fhuatha úd.

Is iomaí feall agus droch ghníomh ón dá dream atá feicthe againn ó shin.

Ach anois, Ian Mór agus Martin McGuinness, gualainn ar ghualainn, réidh chun an stáitín ó thuaidh a riaradh ar mhaithe le leas an phobail i gcoitinne. Sin poblachtachas go deimhin, an res publica. Go maire sé!

Tráth leighis, tráth tógála. Buíochas le Dia go bhfuil an tráth sin tagtha, agus gura fada buan an réimeas nua.

2007-05-07

Cás D agus a leanbh

De bharr faillí ár bpolaiteoirí, tá ar breitheamh Ardchúirte ceist bás is beatha linbh a shocrú arís.

Cás thar a bheith truamhéalach atá ann; bean óg seacht mbliana déag d'aois atá torrach. Fuair sí amach go bhfuil máchail trom intinne ar a paiste, agus go bhfaigheadh sé bás laistigh de cúpla lá den breith.

Theastaigh uaithi ginmhilleadh a fháil, rud nach gceadaítear in Éirinn. Tá casadh sa scéal de bhrí go bhfuil sí faoi láthair faoi chúram na Feidhmeannachta Seirbhíse Sláinte, de bhrí nach bhfuil a máthair féin in inmhe cúram ceart a dhéanamh di.

Chreid an oibrí sóisialta a bhí ag plé lena cás go raibh sé de dhualgas air cosc a chuir uirthi, toisc gur gníomh mídhleathach a bheadh sa ghinmhilleadh in Éirinn. (Tá athrú tagtha ar an dearcadh sin ó shin).

Anois, táimse fhéin scun scan i gcoinne ginmhilleadh - sé sin, aon gníomh atá mar sprioc aige an leanbh sa bhroinn a mharú. Ní ginmhilleadh atá ann má chuirtear cóir leigheas ar an máthair chun a beatha a shábháil, a bhíonn bás an linbh mar toradh air. I gcás mar sin, tá dualgas trom ar dhochtúirí tréan iarracht a dhéanamh beatha na beirte a thabhairt slán; ach tá sé de cheart ag an máthair an cinneadh a ghlacadh - glacadh leis an cóir leighis, nó gan amhras, diúltú do ar mhaithe lena leanbh.

Sá chás seo, ní fheicim go bhfuil aon trácht ar chearta an linbh. Tá briseadh croí i ndán don máthair, cuma cad a tharlaíonn. Ach abair go mbeadh an scéal rud beag difriúil; abair dá saolófaí leanbh di, nach raibh ach cúpla mí saoil i ndán dó. Ní bheadh glacadh ar bith le instealladh nimhe a thabhairt don leanbh , i dtreo is nach mbeadh ar an máthair faire air ag fail bháis.

Ní fheicim go bhfuil an cás seo éagsúil; creidim go mb'fhearr di a leanbh a thabhairt ar an saol go nádúrtha, agus é a chaoineadh. Beidh cabhair óna chorp chuige sin, a bheidh in easnamh má déantar foréigean air an leanbh agus uirthi trí ginmhilleadh.

Thar aon rud eile, tá sé thar am againn an dlí a chuir in cheart chun nach mbeidh ar dlíodóirí seachas dochtúirí, ceisteanna seo beatha agus bás a shocrú.

Níl aon deireadh sona i ndán sa chás seo; ach ní dóigh liom go feabhsóidh ginmhilleadh an cheist. Tá muid ar fána sleamhain nuair a socraítear leanbh a chuir chun bás toisc "nach fiú do bheith beo" nó "bheadh sé ró chrua ar an máthair dul ar aghaidh leis an toirchis, nuair nach mbeidh saol sona i ndán don leanbh"

2007-05-02

Is é seo an t-am

Tá an t-olltoghchán fógartha, buíochas le Dia, (agus le Bertie). Bhíos bréan den tuairimíocht ón aos cabaireachta faoi cathain d'fhógrófaí é.Tá sólás ag deireadh an tolláin! Faoi dheireadh an míosa seo, beidh sos againn ón mbuaileam scíth agus baothchaint - go ceann cúig bliana eile, má bhíonn sciorta éigin den ádh linn.

Tá na pollaí clúdaithe.

Feictear dom gurbh géire an coimhlint idir iomaitheoirí sa pháirtí céanna ná idir na páirtithe. Is cuimhin liom go mbeadh na páirtithe móra ag tabhairt cuireadh dúinn 1,2,3 a thabhairt d'ár rogha iomaitheoir.

Ach, san áit ina bhfuilimse, tá an tírdhreach breac le póstaer de chuid Dick Roche; tá ainmneacha na beirte eile ann, ach is beag nach mbeadh lionsa fíor láidir uait le'n iad a léamh. Ní luann Liz Mac Manus go bhfuil comhghleacaí aici in aon chor...
Níl ach Fine Gael ag cuir an bheirt atá acu ar chomhchéim.

Dála an scéil, bheinnse breá sásta mura bhfilleadh Dick ar chor ar bith - rinne sé praiseach den Roinn Comhshaol; roinn atá ró-thábhachtach in Éirinn, de bharr go bhfuil smacht iomlán aici ar rialtas áitiúil.

Tá Fianna Fáil ag moladh dúinn (as Gaeilge sách minic) Foireann Bertie a roghnú chun na chéad chéimeanna eile a chuir i gcrích; agus an Glasaigh ag maíomh gurbh é seo an t-am.

Is dóigh liom gurbh é sin rogha na díogha - comhrialtas idir Fhoireann Bhertie agus laochra Trevor.



"It's time" atá ag na Glasaigh as Béarla - cheap mé go raibh "Is é seo an t-am" sách ciotach go dtí gur thug mé faoi ndeara go raibh suaitheantas an phairtí mar phonc ar an i acu sa dá chás!

2007-05-01

Toit is Gleo

Name ist Schall und Rauch
(Gleo is toit is ea ainm)
(Faust ag caint le Gretchen, i bhFaust Goethe)

Bhíos ar camchuairt ar leath Choinn le linn na deireadh seachtaine, agus rith sé liom gur beag firinne atá i nath úd Faust, chomh fada agus a bhaineann sé le logainmneacha, pé scéal é.
Agus muid ar ár mbealach tríd Tír Eoghain, is iomaí Londonderry a chonaic muid.Agus sin áit amháin, mar a raibh dílseacht muintir na háite le feiscint i ndathanna ar an gcosán agus ar lampaí, chonaic mé Londonderry.
An chathair maighdeanach a thug roinnt fograí eile ar an áit úd, ach ní heol dom bunús an ainm sin.

Feictear dom gur líonmhaire ainmneacha i mBéarla i Leath Choinn. I Redcastle (Carraig Mhic Uidhilín) a bhíomar ag cuir fúinn.Tá cuid den ábhar seo cludaithe ag Brian Friel ina dhráma Translations; mar a dhein roinnt de lucht na Suirbhéireachta Ordanéis iarracht Béarla chruinn a chuir ar an nGaeilge; as sin as eascraíonn ainmneacha ar nós "Burnfoot" (Bun na hAbhann) nó "Swinford" (Béal Átha na Muice)
Ach fainic; cheap mé gur cás dá leithéid ba bhunús le "Moville" (Bun an Phobail) go dtí go bhfaca mé "Magh Bhíle" ar fhógra neamhoifigiúl sa bhaile úd.
Rud a mheabhraigh cás Dún Bhleisce dhom; pobal ag lorg malairt leagan seachas an leagan a bhronn an maorlathas orthu!


Agus muid ag filleadh tríd Iúr Chinn Trá, bhí saothar na Ceithearna Coille féicéalach - saothar nach raibh feicthe agam áit ar bith eile, cé gur thug mé suntas do dhátheangachas oifigí nua Comhairle Cathrach Dhoire.


Toit is gleo? Gleo cinnte, ach níl neamhbuaine toit ag baint le Dinnseanchas in Éirinn, agus ní raibh riamh!