25 January 2010

Bothanna Báis



Sin atá á éileamh ag Martin Amis in agallamh leis an Sunday Times. Tá imní air faoi "tonn liath" seanóirí, agus cogadh dhearg idir óg agus aosta. Anois, fuair mo sheanmháthair féin bás agus Alzheimers uirthi, mar sin tuigim an sceon agus an briseadh croí is féidir theacht ar dhaoine agus go hairithe ar a ngaolta nuair a thagann an corr uafásach sin ina saoil.

Ach cén saghas leigheas é féin mharú a bhrú orthu? Conair baolach é a bheith ag fógairt beatha airithe mar "Neamh fiúntach". Ach an conair sin a bheith tosaithe, cá bhfios cén críoch a bheidh leis. Domhan "Logan's Run"? An stáit ag bronnadh agus ag baint an bheatha?

Feictear dom nach bhfuil aon bhealach cóir ann seachas ómós don bheatha óna thús nádúrtha go dtí an deireadh. Agus sílim na scéalta uafáis seo faoin "tonn liath" a bheith chomh háiféiseach - agus mí cheart chéanna - leis na fáithe Malthusacha a bhagair cogadh agus áir de bharr ró dhaonrú orainn. Ba cheart an Domhan a bheith scriosta faoi seo, más fíor an méid a bhí á fhógairt faoi na 1970í.

Sórt frith Cassandra iad - d'inis sise an fhírinne faoi todhchaí, ach níor creideadh í. A mhalairt atá fíor faoi drong seo an eagla agus an imní.

Is fíor go bhfuil an daonra níos sine ag méadú - ach is fíor freisin go bhfuil ár gcumas a bheith sláintiúil agus tairbheach amach san aois ag méadú freisin. Is cliste an chine an chine daonna!

Aguisín: Alt ar First Things spreagtha aige seo, agus an t-agallamh iomlán ag nochtadh féin fhuath Amis.

4 comments:

SeanO said...

‘Now of My Three Score Years and Ten…’

Aonghus: An ceart agat maidir leis an Tuile Liath agus faoin bhfeabhas atá tagtha ar na cóireála leighis. Níor mhair m’athair féin ná duine ar bith dá dheartháireacha thar an trí scór is sé. Ainneoin go bhfuair mé iarracht den diaibéiteas le huacht ó sheanmháthair liom, airtríteas ó m’athair agus hipirchólaistéaról ó cá bhfios, tá siad uilig faoi smacht, a bhuí do na piollaí a shlogaim gach lá. Ar ndóigh, caitear bheith dílis don chóireáil. Deir mo dhochtúir gur mise an duine is ‘compliant’ dá bhfuil faoina chúram. I mbliana, i gceann coicíse, sroichfidh mé an ‘deich is trí scór’ agus mé ag tnúth leis! Níl mo rás rite agam fós agus roinnt mhaith obair ar na bacáin agam faoi láthair.

aonghus said...

Bhuel, tá Amis bhocht imníoch go mhaire sé níos faide ná a chuid tallainne...

Go maire tú - agus muid go léir - an chéad ar a laghad!

(Tá máthair mhóir Uta ag druidim leis an gcéad, ainneoin í a saol ar fad, geall leis, a chaitheamh i nDresden, i gcruatan agus in am mhaith)

Seán said...

Leanann eotanáis ó ghinmhilleadh, mar a bheadh súil leis. Beidh ar chuid de na daoine bás a fháil gan mhoill in aghaidh a dtola. Is prionsabal bunúsach é go bhfuil orainn gach anam neamhchiontach a chosaint, mar aon lenár féin!

aonghus said...

Dhá ghné de chultúr an bháis. Uaireanta bíonn ceann amháin sa treis, uaireanta ceann eile.