09 May 2010

Lá na hEorpa


Ar an lá seo, i 1950, chuir Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, togra chun tosaigh, ba bhun le cruthú an Aontais Eorpaigh mar atá anois ann.

"Ní láithreach bonn, nó de réir phlean aonair, a dhéanfar an Eoraip. Trí éachtaí nithiúla, a chruthaíonn dlúthpháirtíocht de facto ar dtús, a thógfar í. Chun náisiúin na hEorpa a thabhairt le chéile, ní mór ar dtús an seanfhreasúra idir an Fhrainc is an Ghearmáin a dhíothú. Ag baint leis an dá thír seo i dtús báire a chaithfidh aon ghníomhú a bheith."

Ráiteas fáidhiúil, agus tuar tagtha faoin dtairngreacht ó shin. Ainneoin an chíor thuathail reatha, a d'eascar as polaitíocht a bheadh bunaitheoirí an Aontais measartha amhrasach faoi, sílim!

Íomhá de Robert Schuman ó Wikimedia. Póstaer 2010 – Mo ♥ an Eoraip le Maria Mileńko (an Pholainn)

6 comments:

Dennis King said...

Níl a fhios agam cén fáth go beacht, ach cuireann an postaer sin an bhliain 1968 i gcuimhne dom. A stíl atá mé a rá.

aonghus said...

Dea rud é sin, tá súil agam? (Is beag cuimhne atá agam ar 1968...)

Dennis King said...

“An ní a rinneadh cheana, is é a dhéanfar arís; mar níl aon ní nua ann faoi luí na gréine.” -- i gcúrsaí ealaíne ar aon nos.

Seán said...

San am sin bhí sé díolta leis na muintir mar “aontú geilleagrach”. Anois leanann siad ag obair le ceannas amháin. Agus choinnigh na bunaitheoirí cuideachta leis an Grúpa Bilderberg atá in aghaidh ceannais náisiúnta.

aonghus said...

Sin léamh amháin ar an scéal, cinnte. Is iomaí sruth i bpolaitíocht na hEorpa.

Seán said...

Feicfimid an choinneoidh siad an rud le chéile. Chuala mé go raibh an Ghearmáin ag bagairt limistéar an euro a fhágáil. B’fhéidir nach bhfuil sé ach reitric.