19 August 2010

Blúiríní: Dóchúlacht Dé

Dhá alt ar First Things: ag baint feidhm as teoirim Bayes chun an fhianaise a mheá: agus leagan de Gheall Phascal.

Ach, gan amhras, ní cruthú ná bréagnú ar Dhia as eascródh as na modhanna seo.

9 comments:

coc said...

Tá náire agus brón orm gur lean mé liom i ndiaidh an líne a leanas a léamh.

Unwin then uses the following lines of evidence and applies his own, admittedly subjective, figures for their likelihood. 67%. IAC.

Aontaím led' fhocal scoir áfach. Ní féidir dia a chrúthú nó a bhreagnú. Níl ann ach creideamh shaonta. N'fheadar a bhfuil creideamh mo duine chomh lag sin gur gá dó cluichí seafóideacha míloighciúla mar seo a imirt leis féin?

aonghus said...

Ba cheart duit an rud ar fad a léamh. Saonta? Ní de réir mar a thuigim an focal. Is féidir an réasún a chuir i bhfeidhm i gcúrsaí creidimh. Tá réimse níos leithne ann sa réasún na modhanna na n-eolaíochtaí nádúrtha amháin.
Murach sin, ní bheadh aon chumas breithiúnas ann i gcúrsaí dlí, mar shampla.

Ní cluichí seafóideacha míloighciúla atá i gceist le Bayes ná Pascal!

coc said...

Dár ndóigh ní Bayes nó Pascal a bhfuil fadhb agam leo. Saoithe ḋá n-aoiseanna féin a bheirt acu. Níl aon dabht gur críostaithe tríd is tríd ab iad, ach críostaithe ó aois nach raibh a mhalairt ceadaithe nó fiú inchreidte.

An tseafóid a bhí i gceist agam ná duine ónár aois féin ag iarradh saothair na saoithe a úsáid chun a gcreideamh féin a dhaingniú nó b'fhéidir intinní nua a mhealladh chucu?

Aontaím gur féidir an reasún a chur i bhfeidhm i gcúrsaí credidimh. Sin a dhéantar gach uair a dhuaisíonn duine ó chodladh throm (nó tromluí b'fhéidir?) an eaglais le tuiscint nach bhfuil aon dia ann, idir allah 's jahweh. Sin é freagra an réasún le piseogacht na gcléireach.

aonghus said...

Tá tú ag rá mar sin go bhfuil gach duine le creideamh mí réasúnta; maith go leor. Ní aontaím leat. Ach níl aon tairbhe leanacht leis an bplé, mar ní rachaidh muid thar an bpointe seo.

coc said...

Ní shin go díreach a dhúrthas, ach deirfinn go bhfuil gach duine a gcreideann i ndia draíochta míreasúnta i dtaobh an chreidimh áirithe sin. Dár ndóigh is féidir a bheith réasúnta i ngach raon saolta eile in ainneoinn seo.

Creidim féin gur beag duine nach bhfuil beagáinín craiceáilte ar shlí amháin nó ar shlí eile agus nílim den tuairim gur chóir caitheamh anuas ar lucht na ndéithe de bharr na smaointe aite a bhfuil acu i dtaobh sprioradáltacht.

aonghus said...

Táimse den tuairim chéanna; ag deireadh an lae, creideamh is ea aindiachas chomh maith. Nó agnóiseachas.

Ach dúirt tú: Aontaím gur féidir an reasún a chur i bhfeidhm i gcúrsaí credidimh. Sin a dhéantar gach uair a dhuaisíonn duine ó chodladh throm...

An tuiscint a bhainimse as sin: nach bhfuil aon chinneadh i leith creideamh réasúnta, seachas diúltú do chreideamh in aon Dia.

coc said...

Sin é dúshlán an aindiachais ceart go leor. Ní féidir an rud diúltach a chrúthu. Ach ní h-ionann creideamh an aindiach .i. glacadh le h-impleachtaí an fhianaise, nó a easpa ba chóir dom a rá, agus creideamh na gCreidimh .i. glacadh le fírinne gan fianaise. Tá'n dara rogha míréasúnta dár liom agus in ainneoinn chomhairle Phascal, táim chun m'airgead a choimeád i m' phóca. ;-)

É sin ráite, má bhuann na Dubs Dé Domhnaigh b'fhéidir gurb fhiú dhom athmhacnamh a dhéanamh arís air agus fianaise nua míorúilteach againn?

aonghus said...

Séanaim gur glacadh le fírinne gan fianaise atá sa chreideamh.

Ach tá muid ag dul thart i gciorcal, agus ní fiú sin.

Seán said...

After all, since we can’t know the answer with absolute certainty, we have to base it on our best probabilistic assumption.

agus

However, Pascal also believed that there is no overwhelming evidence that can remove all doubt about which choice we should decide. Practical reason may help us determine which is more probable but it cannot ultimately decide the matter one way or the other.

An bhfuil lánchinnteacht againn de rud ar bith? Caithfimid cinnteacht a tuiscint a chéaduair. Seo alt creidimh sa Chríostaíocht agus tá sé sa Bhíobla:

“Coinníonn agus múineann an Eaglais Máthair Naofa chéanna go bhféadfar Dia, tús agus críoch an uile ní, a fhiosú go cinnte leis an tsolas nádúrtha réasúin daonna, trí mhéan nithe atá cruthaithe; ‘mar ó chruthú an domhain i leith tá a thréithe dofheicthe le haithint agus le féiceáil go soiléir sna nithe atá déanta’” (Ró 1:20; Comhairle Vatacánach I, Dei Filius 2; Denzinger-Schönmetzer 3004 [1785]).

Bhí Pascal ag labhairt leis na neamhchreidmhigh, ach creidim go bhfuil an chuid is mó de na daoine in amhras ar bhonn moráltachta agus tola agus níl ar bhonn réasúin nó anailíse eolaíoch. Chonaic mé seo cuid mhór den am i rith mo laethanta.