09 September 2010

Brandstifter

scéal úd an fhir chorr, a bhfuil fonn air an Chóran a dhó, do mo chuir soir.

Cinnte, gníomh táir agus amaideach atá ann. Ach cén fáth gur nuacht atá ann? Cén fáth gurbh é an chéad scéal ar maidin agus an scéal deiridh istoíche é? Murach an aird a tugadh ar seo, ní bheadh iomrá dá laghad air agus an leathchéad ball ina Eaglais.

Táim lánchinnte go ndéantar gníomhartha chomh táir agus amaideach céanna ar fud na cruinne, gach lá. Ach de bharr an chuir is cúiteamh sna meáin, tá tábhacht thar na bearta á thabhairt don gníomh suarach seo.

Cé ar mhaithe leis an phoiblíocht seo? Earcaíocht don Taliban? Srianadh ar shaoirse cainte go ginearálta? 

Gheobhaidh daoine bás dá bharr seo. Cheana féin tá díothú dhá dhéanamh ar Chríostaithe an Mheán Oirthear - áit ina raibh gach duine ina Chríostaí, geall leis, roimh breith agus scaipeadh le claíomh an Ioslam.

"Das war ein Vorspiel nur, wo man Bücher verbrennt, verbrennt man auch am Ende Menschen."
Ach is iad na meáin atá ag cur artola sna lasair.

6 comments:

grá faoi ghruaim said...

Scaipeadh le Claíomh an Ioslam
Agus tá siad difriúil ó na reiligiúin eile agus do reiligiúin féin san áireamh conas?

An deacracht is mó atá ag Críostaithe i láthair na huaire sa mheán oirthear ná sa tír bheannaithe.... tá laghdú nach beag tagtha orthu in Iarúsailéim agus i gceantair eile den Bhruach Thoir (samplaí maithe de seo ná bailte seanbhunaithe Críostaithe(Ramallah is Beithil) ina bhfuil níos mó Moslamaigh ina cónaí ann anois ná Críostaithe ach b’fhearr leo siúd dul abhaile.
Ach ní gá breathnú ar an mBruach Thoir, tá dá cathracha anois ann i thuaisceart Iosrael agus Nazaret an t-ainm orthu. Ceann seanbhunaithe le Críostaithe is Moslaimaigh ina cónaí taobh le taobh leis na cianta agus ceann saibhir ar chnoc os a chionn dos Giúdaigh amháin. Tógadh an chathair sin sa seascaidí. Fad is atá daoine sásta agus cead a thabhairt do reiligiún amháin a bheith níos tábhachtaí ná reiligiún ar bith eile,áfach, níl dada gur féidir linn déanamh chun cabhrú le muintir an thalamh naofa, na moslamaigh, giúdaigh, nó críostaithe mar aon. Tá daoine ann agus tá siad den thuairim go bhfuil tír do reiligiún amháin fiú daonlathach! Cad is féidir linn déanamh?

aonghus said...

Agus tá siad difriúil ó na reiligiúin eile agus do reiligiúin féin san áireamh conas?

Cé go bhfuil sé fíor gur scaipeadh an Chríostaíocht nuair a rinne impireachtaí Críostaí concas, níl sé fíor gur leis an claíomh a scaipeadh Críostaíocht. Ar feadh roinnt céadta bliain is in ainneoin géarleanúint a scaip an Chríostaíocht. Agus don gcuid is mó, ní ag brath air lámh láidir a bhí an Chríostaíocht chun daoine a earcú.

Níl fhios agam cad is féidir linn a dhéanamh chun an scéal a fheabhsú, áfach.

aonghus said...

Ach is cinnte nach aon chabhair é a bheith ag tabhairt aird nach bhfuil tuillte acu d'antoiscigh ar aon taobh.

grá faoi ghruaim said...

An gceapann tú go n-aontaíonn muintir Mheiriceá theas leat?

aonghus said...

Chuaigh na hEorpaigh chuig Meiriceá theas chun ór a fháil, ní chun Críostaithe a dhéanamh!

Is fíor go ndeachaigh misinéirí leo; agus go raibh duine maithe agus drochdhaoine ina measc.

Seán said...

Go díreach, a Aonghuis! Ní tharraingeoidh an éacht seo agus an poiblíocht Moslamaigh ar bith isteach sa Chreideamh. Ní ach drochreiligiún agus drochphreas anseo.

An gceapann tú go n-aontaíonn muintir Mheiriceá theas leat?

Sin steiréitíopa. Ní aontaíonn bunús daoine leofa.