Rith sé liom go raibh sé thar a bheith soléite. Le cabhair ó aistriúchán Dennis agus ón Ghearrfhoclóir Gaeilge-Béarla, rinne mé iarracht Gaeilge an lae inniu a chuir air.
Seo an toradh. Nílim iomlán sásta leis an leathrann deiridh.
| Fégaib úaib | Féachaigí uaibh |
| sair fo thúaid | siar ó thuaidh |
| in muir múaid | an mhuir mhórga |
| mílach; | mhíolach |
| adba rón | adhbha rónta |
| rebach, rán, | reabhrach, rán; |
| ro-gab lán | tá an lán mara |
| línad. | líonta |
Gluais:
Tá na focail thuas ar fad le fáil san GFGB, ach níl siad coitianta.
Seo gluais, mar sin.
Adhbha, áitreabh, áit cónaithe
Míolach, lán de bheithígh
Rán, uasal
Reabhrach, aclaí, spraíúil