Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-12-25

Puer natus est!


Oíche Nollag
    Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú. B’é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír. Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin. Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin, chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta. Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada. Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu. Agus dúirt an t-aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile: rugadh Slánaitheoir daoibh inniu – is é Críost an Tiarna é – i gcathair Dháiví. Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.”Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá: “Glóir do Dhia in uachtar neimhe,  agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”Agus nuair a d’imigh na haingil uathu sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile: “Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a d’inis an Tiarna dúinn.”Agus d’imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar. Agus ar a fheiceáil dóibh, d’inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo. Agus cách a chuala, b’ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí. Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo.
(Lúc 2:1-20)