Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-12-28

Eierlegende Wollmilchsau

Íomhá le Heinrich Harder, via Wikimedia.
Bhí The Chairman ag scaoileadh a racht ar Twitter faoi obair coistí agus an chaoi ina bhfuil a leithéidí ina bhac iomlán ar chruthaitheacht. (Nach ionann agus cruthaíochtachas - cé go mbíonn an dealramh ar an scéal uaireanta go raibh Coiste i gceist ansin!)
Mheabhraigh sin an nath dom faoi Camall - gur capall deartha ag Coiste atá ann! Ach bhí leagan níos fearr ag Dennis - an platapas lacha-ghobach. 
Tráthúil go leor agus an Chruthaitheoir luaite agam, san úrscéal The Last Continent, míníonn Terry Pratchett conas a fuair an Platapas bhocht a chruth.  Chuir Dámh na hOllscoile Dofheicthe isteach ar an gCruthaitheoir Astrálach a bhí ag tarraingt lacha. Coiste par-excellence an drong úd draoithe, iad ar fad ag caint trasna ar a chéile agus deis ag rúnaí glic cúrsaí a stiúradh mar ba mhian leis!
Is minic áfach, agus tagaim leis an Chairman faoi seo, nach mbíonn toradh fónta ar obair choiste mar go mbíonn ar an dtoradh gach duine a shásamh. Rud atá ina bhac ar dearadh agus cruthaitheacht - mar a dúirt St. Euxpery, tá dearadh foirfe, ní nuair nach bhfuil aon rud fágtha le cur leis, ach nuair nach bhfuil aon rud fágtha le baint.
Faraor i mo réimse fhéin, bogearraí, is minice an rud ar a dtugann na Gearmánaigh "Eierlegende Wollmilchsau" ar ann, seachas dearadh cuanna slachtmhara bunaithe ar thinfeadh láidir Cruthaitheora amháin. 
Smaoineamh fánach amháin eile -  san scéal An Séú Lá, samhlaíonn Primo Levi coiste neamhaí ag plé dearadh an Duine. Murach go ndeachaigh an Coimhde ar aghaidh ar neamhchead don gCoiste, seans gur mó dealramh le ciaróga a bheadh againn ...