Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-08-04

Mac Grianna an Bhéaloidis

Níl fhios agam níos mó cár phioc mé suas cóip de "An Grá agus an Ghruaim" ach tá fianaise áirithe ar an leabhar gur i siopa dara láimhe a fuair mé é. I dócha gur cheannaigh mé moll leabhair eile leis mar is cosúil nár léigh mé ó shin é. Ach chuala mé dráma ar Raidió na Gaeltachta faoi Seosamh Mac Grianna ar na mallaibh a spreag mé chun léitheoireachta agus bhí an leabhar i measc na leabhair a chroch mé liom ar saoire. Leabhar scoile atá san eagrán atá agam (fianaise láidir ansin go bhfuil an cúrsa éirithe ana bhog ó shin!) ach níl an oiread sin dochar déanta don leabhar buíochas le Dia - tá an ghráin agam ar leabhair smeartha.

Gearrscéalta atá anseo - cuid mhór acu lonnaithe i Rann an Feirste agus cosúlachtaí idir na téamaí agus na téamaí i scéalta a dheartháir Máire - ach an reacaireacht an éagsúil, gan a bheith maoithneach. Tá idir grá agus gruaim anseo cinnte, ach tá daonnacht domhain ann, ainneoin duairceas a bheith ann freisin.

Tá scéal ó ré eile ann freisin "Creach Choinn Uí Dhónaill", agus seo buaic an leabhair domsa. Shamhlóinn go bhfuil ábhar scannáin den scoth ann. File maslaithe a bhaineann díoltas amach trí saighdeadh faoi comharsa cumhachtach chun creach a dhéanamh ar an taoiseach a mhaslaigh é, dar leis - ag baint feidhm as a chuid filíochta agus a thuiscint ar shíceolaíocht an taoisigh. Bean álainn a rinne iarracht roimh ré an masla a réiteach ach ar theip ar a hiarracht - ach nach ngéilleann don teip agus a úsáideann a tuiscint féin ar mheon an taoisigh chun an cealg a bhaint as craos agus mórtas. Féile, troid, creach, éalú, capaill, con ... agus filíocht agus cainteanna láidre.

Tá athnuachan déanta ar mo spéis sa Ghriannach agus rún daingean agam Mo Bhealach Féin a athléamh agus iarracht eile a dhéanamh tabhairt faoi Dá mBeadh Ruball ar an éan.