Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label seosamh mac grianna werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label seosamh mac grianna werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2014-12-01

Eoghan Ruadh an Ghriannaigh

Chuir mé fios tríd Borrowbooks ar úrscéal stairiúil an Ghriannaigh Eoghan Ruadh Ó Néill.
Scéal chorraitheach faoi ré chorraitheach. Insint láidir ar chathanna agus léigir, Arras i 1640, bua mhór Eoghan Rua ag Beann Borb agus eachtraí nach iad. Cur síos bheacht ar an polaitíocht agus an camastaíl a tháinig idir na Gael agus a saoirse an tráth úd, siar agus aniar Comhdháil Chill Chainnigh, mioscais Iarla Urmhumhan. Scéal na nGael agus na hÉireann suite mar is ceart i saol na hEorpa agus Cogadh Chathardha na Breataine. 
Chuaigh an scéal chun fadálachta corr uair orm, ach bhí radharcanna leathana agus mionradharcanna den scoth ann.
Bhíos ag streachailt scaití leis an gcanúint agus go háirithe leis an sean litriú - ba mhithid leagan leasaithe de bheagán a chur ar fáil ar mhaith le léitheoirí neamh oilte na linne seo. 
Ach táim thar a bheith sásta gur chuir mé fios ar an seod seo as an bpluais i gContae an Chláir a bhí sé ag luí gan léamh ó sular rugadh mé, más iontaofa an dáta ar an lipéad leabharlainne.
Is trua gan na seoda seo ó na 1930í agus 1940í a bheith ar fáil go héasca do léitheoirí agus scríbhneoirí na linne seo. Tá go leor le foghlaim astu, mar a dúirt Antain Mac Lochlainn i dTuairisc.

2014-08-04

Mac Grianna an Bhéaloidis

Níl fhios agam níos mó cár phioc mé suas cóip de "An Grá agus an Ghruaim" ach tá fianaise áirithe ar an leabhar gur i siopa dara láimhe a fuair mé é. I dócha gur cheannaigh mé moll leabhair eile leis mar is cosúil nár léigh mé ó shin é. Ach chuala mé dráma ar Raidió na Gaeltachta faoi Seosamh Mac Grianna ar na mallaibh a spreag mé chun léitheoireachta agus bhí an leabhar i measc na leabhair a chroch mé liom ar saoire. Leabhar scoile atá san eagrán atá agam (fianaise láidir ansin go bhfuil an cúrsa éirithe ana bhog ó shin!) ach níl an oiread sin dochar déanta don leabhar buíochas le Dia - tá an ghráin agam ar leabhair smeartha.

Gearrscéalta atá anseo - cuid mhór acu lonnaithe i Rann an Feirste agus cosúlachtaí idir na téamaí agus na téamaí i scéalta a dheartháir Máire - ach an reacaireacht an éagsúil, gan a bheith maoithneach. Tá idir grá agus gruaim anseo cinnte, ach tá daonnacht domhain ann, ainneoin duairceas a bheith ann freisin.

Tá scéal ó ré eile ann freisin "Creach Choinn Uí Dhónaill", agus seo buaic an leabhair domsa. Shamhlóinn go bhfuil ábhar scannáin den scoth ann. File maslaithe a bhaineann díoltas amach trí saighdeadh faoi comharsa cumhachtach chun creach a dhéanamh ar an taoiseach a mhaslaigh é, dar leis - ag baint feidhm as a chuid filíochta agus a thuiscint ar shíceolaíocht an taoisigh. Bean álainn a rinne iarracht roimh ré an masla a réiteach ach ar theip ar a hiarracht - ach nach ngéilleann don teip agus a úsáideann a tuiscint féin ar mheon an taoisigh chun an cealg a bhaint as craos agus mórtas. Féile, troid, creach, éalú, capaill, con ... agus filíocht agus cainteanna láidre.

Tá athnuachan déanta ar mo spéis sa Ghriannach agus rún daingean agam Mo Bhealach Féin a athléamh agus iarracht eile a dhéanamh tabhairt faoi Dá mBeadh Ruball ar an éan.

2010-08-04

Ciardhubhán Conallach

Tá "An Mairnéalach Dubh", aistriúchán Sheosaimh Mhic Grianna ar "The Nigger of the Narcissus" le Joseph Conrad léite anois agam.

Seo mórscríbhneoir amháin ag cuir Gaedhilg ar shaothar mhórscríbhneoir eile: Saor focail sárbhuailteacha, síorbhuailteacha iad beirt.

Scéal long ag filleadh ón Oirthear atá i gceist; an reacaireacht ag bogadh ón tríú pearsa, go dtí an chéad phearsa uatha, go dtí an chéad phearsa iolra - ach i gcónaí a léiriú an scéil ó dhearcadh na "lámha" - na mairnéalaigh san forchaiseal. Long seoil atá ann, céimíocht daingean i bhfeidhm a fhágann an chaptaen uasal, aonair i bhfad ós cionn na hoifigigh, agus iadsan i bhfad ós cionn na mairnéalaigh. Bhí ana thaithí ag Conrad ar an saol seo; agus tá beartas ann a bhfuil an chéimíocht de dhíth orthu - ní féidir plé daonlathach a bheith ann faoi conas go díreach an bád a stiúradh, níl leigheas ar uaigneas agus freagracht an máistir loinge.

Cuireann beirt isteach ar suaimhneas na loinge, ciardhubhán an teidil, a ligeann air féin é bheith tinn d'fhonn obair a sheachaint, agus firín suarach eile a bhíonn ag cothú trioblóide.

Buaileann droch stoirm an long agus iad ag teacht timpeall Gob an Dóchais, rud a chuireann leis an teannas drámata ar bhord.

Agus an cuir síos uilig i prós Conallach atá ar comhchéim ar a laghad le saothar snasta Conrad.

Seo cur síos ar sean mhairnéalach, a bhí ar an stiúir le linn na stoirme ar fad; tríocha uair an chloig, agus a thuigeann de phlimp go bhfuil sé ag druidim le deireadh a shaoil:
D'amharc sé ar an mhuir shíorraidhe agus tháinig léaródh tuigse aige ar an cumhacht gan chroidhe a bhí inntí. Chonnaic sé annsin gan áthrach í, agus í go dubh agus cubhar oirthí faoi shúile síorruidhe na réaltóg. Chualaidh sé a glór ag sgairtigh air go neamh-fhoighdeach amach as an fharsaingeach mhór chorrach gan trócaire, a rabh tamhach táisg agus ádhbhar eagla ann. D'amhairc sé i bhfad anonn oirthí, agus chonnaic sé blár dall céasta, ag éagcaoin go mear, an blár fuair seilbh ar a cholainn bhocht nuair a bhéadh seal a dhaoirseachta reaithte......

Mar a léiríonn an sliocht seo, tá an litriú dúshlánach do Ghaeilgeoir an lae inniu; agus fiú léitheoir craosach fearacht mise, bheadh réimsí foclóra sa leabhar seo nach mbeadh aige.

Ba bhreá an rud é dá gcuirfí eagráin nua de na leabhair seo ar fáil; leasú íogair a dhéanamh ar an litriú chun an coimhthíos a sheachaint, ach gan na gnéithe canúna a ghlanadh as. Agus gluais a chuir ar fáil - ní foclóirín Gaeilge Béarla nach ndéanann ach focal dothuigthe Béarla a chuir in áit focal dothuigthe Gaeilge, ach gluais ceart a mhíníonn na téarmaí teicniúla a bhaineann le seoltóireacht, abair.

Ach tá an áthas orm gur mheall an leabhar seo isteach sa siopa mé.