Bhí fhios agam go raibh an File mar ainm ar mhac Pheig Sayers, Micheál Ó Gaoithín. Gurb é a scríobh síos óna reacaireacht a saol agus a scéalta. Bhí mé dall áfach ar filíocht leis a bheith i gcló. Go dtí gur chuala Séamus Barra ar an saol ó dheas ar na mallaibh, ag léamh dán dá chuid as a chnuasach Coinnle Corra. Spreag sé m'fhiosracht agus chuir mé fios ar ón leabharlann.
Bhí sé ceart agam éisteacht níos cúraimí le Séamus Barra! Dúirt sé go raibh a chuid filíochta duairc. Tá. Cumha, coimhthís, caoineadh. Fiú nuair a scaoiltear grá isteach is grá éagmaise atá ann.
Tá máistreacht ar teanga agus mothúcháin aige, agus ní filíocht pobail atá anseo mar a shíl mé - neafaiseach, éadrom ócáidiúil.
Cinnte tá caoineadh ar dhaoine ar leith ann, agus cumha d'áiteanna ar leith mar a thuigfeá i gcás duine a raibh air an baile a thréigeann (ach a raibh radharc fós aige ar an oileán óna bhaile nua).
Ach i ndáiríre is dánta uilíocha atá iontu, fuinte go maith. Téama a fánaí is atá an saol go smior iontu.
Is ina dhiaidh sin a léigh mé a bheatha ar Ainm agus is léir gur duine thar a bheith spéisiúil, léannta a bhí ann. Deirtear san insint sin go mbaineann sé leis na meánaoiseanna ar shlí, go raibh sé tógtha le Decameron Boccaccio.
Memento Mori.
Táim sásta gur léigh mé na dánta, ainneoin an duairceas. Ach ní uaidh a bheidh mé ag lorg sólás!