I 1992 chaith mé seachtain san Ötztal ar chúrsa oiliúna de chuid an Alpenverein. Chaitheamar bunús seachtaine san Brandenburger Haus ar imeall an oighearshrutha. Chasamar ar a chéile sa ghleann - bhí cúpla cruinniú roimh ré i mBeirlín. Shiúlamar suas ón ngleann. Nuair a shroicheamar imeall an oighearshrutha mhol an oiliúnaí go gceanglófaí muid - agus go mbeimis airdeallach ar na hoighearscoilteanna. Ba mise an tríú nó an ceathrú duine ar an dtéad. Chuaigh duine de na treoraithe chun cinn, ag baint feidhm as a mhaide siúil chun bheith cinnte nach raibh aon scoilt faoin bhrat úr sneachta. B'fhéidir nár lean mé lorg na gcos chomh pointeáilte is ba cheart - go tobann ghéill an talamh fúm agus fágadh mé ag crochadh go coim i scoilt - mo mhála droime i bhfostú sa bhruach - bhíos buíoch den téad! B'uafar an mothúcháin é agus an sneachta faoi mo chosa ag imeacht diaidh ar ndiaidh.
Ach dé bhrí go raibh mé ceangailte, bhíos slán go maith agus níor thóg sé i bhfad orthu mé a fhuascailt. Ba cheacht thábhachtach é ag tús na seachtaine! (Bhí a mhacasamhail d'eachtra againn níos déanaí sa tseachtain ach gur imigh an bhean as radharc ar fad orainn - mhol an treoraí dúinn siúl siar go cúramach san dá treo - agus tháinig sí suas arís de phlimp mar a bheadh corc as buidéal seaimpéin!).
Siúl agus dreapadh ar an oighear a bhí le cleachtadh againn. Bróga sléibhe plaisteach agam, ar mholadh na hoiliúnaithe, mar go ngearrfadh strapaí na crampóin isteach sa leathar dá mbeadh sé fliuch. Ní raibh mé ró thógtha leo - b'ait gan bheith in ann an talamh a mhothú leis na cosa.
Ach ar aon nós, an lá in ndiaidh dúinn an bhrú a bhaint amach, ní raibh an aimsir oiriúnach do mhórán - ceo trom agus sneachta. Dar leis na hoiliúnaithe, deis den scoth an treodóireacht le compás a chleachtadh. Ba é duine deireadh na téide a bhí leis an treoir a thabhairt bunaithe ar an gcompás - agus ag baint feidhm as an rópa féin leis an treo a chinntiú - agus ag rá leis an duine tosaigh dul beagán ar chlé nó ar dheis de réir mar ba cheart. Bhí an duine tosaigh le scoilteanna a lorg. Nuair ba mise an fear tosaigh, bhí an fear deiridh ag clamhsán go raibh sé deacair mé a fheiceáil - cóta ar dhath an uachtair a bhí orm, mar atá sa phictiúr a glacadh ag an am. Riamh ó shin, tá sé de nós agam cóta dearg a chaitheamh - an na sléibhte cinnte, ach fiú mar ghnáthnós. Rud a bhíonn thar a bheith áisiúil nuair a fógraítear lá Dearg!