Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-05-01

Paidir Naomh Tomás More um shuairceas

Thomas More, le Hans Óg Holbein, 1527




A Thiarna,
Deonaigh goile maith dom agus rud lena shásamh, 
Deonaigh colainn folláin dom agus suairceas é choinneáil amhlaidh, 
Deonaigh anam simplí dom a thuigeann conas an maith a chur i dtaisce, agus nach gcuireann  an t-olc sceon air,
Ach a aimsíonn ina ionad modh rudaí a chur ina gceart, 
Deonaigh anam dom nach eol dó leadrán, clamhsán, osnaíl ná olagón,
Ná barraíocht struis de dheasca an chonstaic úd dá ngairtear "mise"
Deonaigh dom a Thiarna acmhainn grinn, an grásta glacadh le magadh fúm, an cumas lúcháir a aimsiú sa saol agus é a roinnt le daoine eile.

Áiméan.

Lag aistriúchán liomsa. De réir a thuairisc féin deir an Pápa Proinsias an urnaí seo go laethúil.