Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-05-22

Bandiera rossa trionferà.


Ní fear mór agóidí mé. Níl mé ar mo chompord i sluaite. Ní cuimhin liom ach lámh a bheith agam in eagrú agóid amháin. An bliain a rinne mé an ardteistiméireacht — 1986 — bhí stailc múinteoirí ann. Is cuimhin liom glaonna gutháin a dhéanamh go dtí daltaí ó scoileanna eile ag iarraidh máirseáil a eagrú - ceann a bhí le bheith neodrach, agus dul ó oifigí na ceardchumann go dtí an roinn oideachais agus muid ag éileamh orthu suí síos agus teacht ar réiteach. Fón talún an t-aon chineál a bhí ann an uair úd. An cuimhne is soiléire atá agam ná an tréaniarracht a bhí de dhíth chun dul i bhfeidhm ar mháthair an teagmhálaí a bhí faighte agam do scoil mór cailíní... Ní cuimhin liom ar éirigh liom fiú.

Ach tharla an mórshiúl, agus bhí sé a bheag nó a mhór neodrach cé go ndearna roinnt daltaí radacacha tréaniarracht muid a chuir ag seasamh leis na ceardchumainn. 

Níl aon chuimhne agam ar bheith páirteach in agóidí eile ach is dóigh liom go raibh mé ag corrcheann polaitíochta.

Seachas agóidí na Gaeilge. I 2004, an máirseáil ar son stádas na Gaeilge san Eoraip. Faoi sin bhí an idirlíon ar fáil agus modhanna ann an scéal a scaipeadh. Bhí slua measartha mór ann. An cuimhne is gléine atá agam ná buaileadh le Panu Höglund agus bheith ag iarraidh dul leis go dtí an Café i Sráid Dawson a bhí ag Gael Linn - Trí D. Agus an Café céanna ag dúnadh agus ag cuir daoine ó dhoras... An bainisteoir ag maíomh nach raibh sé ar an eolas faoin agóid (agus an deis brabach a bhaint as an Euro Gaelach) agus póstaer faoi laistiar de...

Deich mbliana dar gcionn, i 2014 bhí mé ag trí agóid as a chéile. Ceann i mBaile Átha Cliath nuair a d'éirigh Seán Ó Cuirreáin as mar Choimisinéir Teanga. Agus an agóid i gConamara a lean sin. Faoi sin bhí an mana Dearg le Fearg (agus an leagan a chuir saoithíní le ceangal Níos deirge níos feirge) in úsáid agus an nós baill éadaigh dearga a chaitheamh. Smaoineamh, de réir cuimhne Tómaí Rua Ó Conghaile, a bhí ag muintir Ghaoth Dobhair. Scaip sé. Smaoineamh simplí ach iontach éifeachtach mar go gcuireann sé le aontas an léirsithe, á idirdhealú ó ghnáth mór thionóil. Feiceálach, fiúntach. 


Tamall ina dhiaidh sin bhí mé ag ceardlann de chuid Teacht Aniar, agus mar atá pléite agam áit eile ar an mblag, tuigeadh dom go mbeadh sé ceart dul ó thuaidh. Agus chuaigh. Bhí bus eagraithe ó Sráid Fhearchair agus casadh roinnt daoine orm sa bhus, daoine atá anois feiceálach i saol na Gaeilge fearacht Caoimhe Ní Chathail. Ba ardú croí an slua gealgháireach a bhí ann an lá úd. Tá cuimhne agam ar frith agóid dhuairc dílseach ag crosbhóthar amháin - ach iad coinnithe i bhfad siar. Bhí na callairí ar an stáitse an ghlórach agus mé ann ghar dó - níor thuig mé Hiúdaí Óg Mac Gairbheith, mar shampla. Ach bhí an mothúchán dlúthpháirtíochta agus an dóchas láidir. 

Ní cuimhin liom anois cén fáth nach raibh mé i láthair i 2017. Is dócha go raibh cúraimí eile orm.

Ach seo muid i 2022 agus an Ghaeilge agus cearta lucht a labhartha fós ina phíosa imeartha ar clár fichille na polaitíochta páirtí ó thuaidh - mionchearta atá ar fáil gan cheist i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe ina féirín a bhronntar nó a séantar de réir mar a fhaigheann páirtí amháin seilbh ar aireacht. Streachailt síoraí leis an rud is lú a bhaint amach, agus bagairt i gcónaí go mbainfear é. Muide ó dheas thíos leis freisin mar gur Foras tras teorainn an Foras Teanga ar cuid de Foras na Gaeilge. Laincisí dá réir ar an bhForas ó thaobh buiséad agus straitéisí de bhrí go bhfuil cead na roinne thuaidh agus theas de dhíth do bheartais. Mar sin eagraíochtaí atá maoinithe ag an bhForas - na foilseacháin san áireamh - ag leanacht orthu ar maoiniú reoite, rud a chiallaíonn maoiniú laghdaithe de bhrí go bhfuil costais ag ardú. Cosnaíonn a leithéid fuinneamh arbh fhearr go mór é bheith ag dul i dtreo rudaí agus deiseanna as Gaeilge a chruthú. Mar sin is féinleas seachas dlúthpháirtíocht amháin a thug ó thuaidh mé inné.


An dóchas fann atá agam ná go mbainfidh fiú an tAcht lochtach cultúr atá geallta an Ghaeilge agus lucht a labhartha den mBord idirbheartaíochta go ceann tréimhse ar a laghad. 

Tá ana mheas agam ar Ghaeil na Sé Chontae agus an méid atá bainte amach acu in ainneoin na rialtais éagsúla idir naimhdeach agus patuar a bhí ann síos tríd na blianta. Ach cosnaíonn streachailt leis na húdaráis fuinneamh arb fhearr go mór é bheith caite go cruthaitheach. 

Tá an Chiste craoltóireachta tar éis torthaí fónta a thabhairt go dtí seo. Más féidir cosaint mar é a thabhairt do dhrámaíocht, obair óige, litríocht agus a leithéid is chun ár leasa uilig a bheidh sé. 

Tá cumas spleodrach eagraithe léirithe ag an dream dearg - nára fada go raibh an fhuinnimh sin saor chun rudaí úra a chruthú, chun pobail a neartú - sa Ghaeltacht tíreolaíochta chomh maith leis na líonraí fíorúla agus fisiciúla ó thuaidh agus ó dheas. 

Acht, anois. 

Aguisín - de réir teachtaireacht a sheol Danny Brown chugham ar Twitter is í  Maighread McGeady Brown a chum an mana Dearg le Fearg ag cruinniú a bhí i nGaoth Dobhair chun réiteach don agóid i mBaile Átha Cliath i 2014. Dar leis bhí plé ann freisin ar bhloc dubh na n-ainrialaithe in agóidí na mór Roinne.