Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-12-02

Saighdiúir


Luaitear cosúlacht an úrscéil seo le saothar Remarque, Im Westen nichts neues mar úrscéal frithchogaidh. Ní mórán litríocht cogaidh a léim, ach tá Remarque léite agam, sa bhunleagan agus in aistriúchán Mhic Annraoi. Cloch bonn de chuid an litríocht frithchogaidh atá ann. 

Tá cosúlachtaí in úrscéal Uí Shearcaigh sa mhéid is gur reacaire óg atá i gceist, a scuabtar isteach sa chogadh ag dúil a chomhluadair agus an dualgas a shíleann sé bheith air. Dóchas a choilltear go borb i ndraoib na Fraince. Comrádaíocht idir daoine éagsúla faoi bhuillí na gunnaí ar inneoin na dtrinsí. 

Tá an cuir síos ar an tírdhreach idir uafás agus corr splanc d'áilleacht an dúlra ainneoin gach rud saibhir fileata. 

Ach scéal Éireannach, Conallach atá anseo. Baineann an reacaire leis an dream atá ag freastal ar lucht an tí mhór, agus buntáiste oideachais faighte aige as atharthaíochas lucht an tí mór. Spleáchas mar sin féin, agus maslaí le slogadh agus uasal le híseal. Caidreamh sách gránna le mac an tí mhóir, comhaoiseach leis ar maistín millte é. 

Ach scóip aige de bharr an léann a fuair sé chun muintearas a dhéanamh le réimse leathan daoine i gcoire an chogaidh. Is sna comhráite agus allagar sin a chuirtear an teagasc frith chogaidh in iúl. (Bhraith mé uaireanta go raibh beagán an iomarca den insint seachas an taispeáint ar bun, ach le reacaire céad pearsa is deacair sin a sheachaint go hiomlán). 

Ar ndóigh bhí borradh an náisiúnachas in Éirinn mar chúlra don ré úd, agus gan amhras tionchar aige ar an dream a chuaigh sa chath, orthu siúd nár dhein, agus ar na caidrimh eatarthu. 

Tá saibhreas iontach san úrscéal, agus go leor ábhair machnaimh. Go háirithe toisc gur machnóir an reacaire. 

Mar sin féin, is dóigh liom go bhféadfá beagáinín eagarthóireacht liteartha sa bhreis a dhéanamh. Bhí amhras orm, abair, faoi inchreidteacht sonraí an deireadh a fuair an maistín. 

Ach shíl mé an cairdeas a fhásann idir é agus fear óg as Aontroim, Protastúnach agus aontachtach, a bheith thar a bheith inchreidte agus spéisiúil. 

Tá a húrscéal frithchogaidh ag an nGaeilge anois, agus úrscéal Gaelach.
Seasann an comparáid le Remarque. Is ait liom gur luadh Hašek leis, áfach. Cé go bhfuil beagán greann ann níl áibhéil ná dalbacht Švejk. 

Ní fiú an braon fola. Ach faraor tá fir óga fós ag fáil bháis go mall pianmhar uafar san Úcráin, san Afraic agus sa Phailistín. Gríosaithe chun talamh a chosaint, ach go hiondúil gan seilbh acu féin ar oiread is lán ladhar den dtalamh céanna. 

Táim buíoch as Leabhar Breac a bhronn cóip den leabhar orm. 

Cathal Ó Searcaigh
978-1-913814-35-9 
Leabhar Breac 2023