Toisc gur fhág bus a d'imigh luath, nó b'fhéidir nár tháinig ar chor ar bith fanacht leathuaire orm ar na mallaibh sna Clocha Liatha, theith mé isteach sa leabharlann ón bhfuacht. Bheartaigh mé súil a chaitheamh ar an (mbeagán) leabhar Gaeilge féachaint an rud rud ar bith nach raibh léite agam acu a mbeadh fonn orm léamh.
Thit mo lámh ar An Deireadh, le Séamas Mac Annaidh. Scéinséir, de réir an bhlurba. Scéinséir ar leith, mar a bheithfeá ag súil leis ó údar Cuaifeach mo lon dubh buí! An cuma air i dtosach gur scéal coitianta lánúin meánaosta atá ann, a bhfuil fuaire ina gcaidreamh agus an nead fágtha ag a clann. Dúlagar ag teacht ar an mbean, dar lena fear, reacaire an chéad insint, dialann. Casadh sa scéal ansin, reacaire eile. Léargas eile. Casadh eile fós, reacaire eile.
Cleas éifeachtach. Coinnítear an léitheoir ar tinneall, ag iarraidh ciall a bhaint as scéal a shleamhnaíonn ón gnáthshaol go eachtraí áiféiseacha ach féideartha.
Cé atá ag buaileadh bob ar ché? Cad atá ag tarlú dáiríre?
Scíthleitheoireacht siamsúil. Faraor, corr botún cló a mhileann an pléisiúr. Ach táim sásta go maith gur casadh mo threo é. Tá dearcadh fiar ar an tsaoil ag Mac Annaidh atá ina dheis marana.