Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-07-03

Bláthnaid


Bhí mé ag tnúth leis an leabhar seo ó d'fhógair Darach Ó Scolaí go raibh sé ar na bacáin. Thaitin Deirdre go mór liom. Tá leagan de scéal Cú Roi agus Bláthnaid ar Scéilín ó bhéilín, mar sin bhí dinnseanchas an Fionnghlaise ar eolas agam. Agus dhreap mé uair amháin go Cathair Chon Rí. Ach dhíbir ceo agus míoltóga mé!

Tá leagan fite ag Darach ó na lámhscríbhinní, ag tarraingt as scéalta eile nuair is gá bearnaí a líonadh. Leagan drámatúil. Bláthnaid i ngrá le Cú Chulainn agus eisean léi. Ach an lámh in uachtar ag Cú Roi ar feadh i bhfad. Go mbuaileann Bláthnaid bob air agus a chuid feara. Sléacht agus ár mar thoradh ar sin. Tá an scéal dorcha foréigneach barbartha. Ach tá cuannacht sa chaint agus sa chuir síos. Agus is carachtar láidir gníomhach i Bláthnaid seachas áilleagán atá ina bréagán i lámha na bhfear. 

Tá roinnt filíochta tríd an insint próis a chuireann go mór leis. Agus léaráidí Anastasia Melnykova ag cuir go mór leis, mar a bhí i Deirdre.

Nod i gcúl an leabhar go mbeifear ag cuir leis an sraith. Cuir síos ar "Sadhbh - Ceasacht Iníon Ghuile". An chéad gála eile sa sraith? Is maith scéal faoi bhean óg a fhaigheann an ceann is fearr ar na fir le bua na dea-chainte. Go háirithe tar éis dán Bhláthnaide!

Is maith liom go bhfuil Leabhar Breac ag meabhrú na scéalta seo ón tseanlitríocht dúinn, ach cuir Gaeilge an lae inniu orthu ach fós dílís don leagan liteartha. Saibhriú ceart ar an nua-litríocht. 

Darach Ó Scolaí
56 lch; clúdach crua; 
978-1-913814-56-4


 

2024-07-02

Siar go hInis Oírr

Bhí sé beartaithe agam féin agus ag an déagóir dul ag taisteal don cúpla lá breise saoire a bhí agam féin tar éis na féile Opera. Bheadh sé indéanta fágáil ar bhus ón Aird Mhór, ach bheimis ag dul go mór sa tseans mar nach mbeadh ach cúpla nóiméad idir bhusanna. 

 Mar sin, go moch ar maidin thug mo nuachar an cúpla km go Eochaill muid. Bus as sin go Corcaigh - iníoctha le cárta Leap. Bhí bricfeasta mór againn san ionad siopadóireachta i Corcaigh. Choinneoidh sin ag dul muid! Agus muid ag fanacht ar an gcéad bus eile - expressway de chuid Bus Éireann - cheannaigh mé ár dticéid ar líne. Lacáiste ar fáil ar sin seachas airgead tirim a íoc ar an mbus. Thug an bus chomh fada le Inis Chontae an Chláir muid. Bhí deis againn scroid eadra a cheannach i siopa áitiúil fad is a bhíomar ag fanacht ar an mbus go Dúlainn. Bhíomar in ann íoc as sin freisin le cárta Leap freisin. Toisc go raibh an bus ag dul thar aillte Mothair bhí sé plódaithe go maith, agus níos plódaithe arís tar éis na haillte. 
Bhí an turas pleanáilte agam le haip TFI - Fuair mé amach gur féidir am íosta idir turais a úsáid sa chuardach, agus bhí leathuair curtha isteach agam chun ná beadh brú orainn. D'oibrigh sé go breá.

Bhí thart ar dhá chiliméadar le siúl againn ó Óstán Dúlainn go dtí an ché. Ar ndóigh bhíomar impedimenta idir éadaí agus puball agus bhí sé gaofar go maith. Ach bhí neart ama againn agus fuair mise caife oighreata agus an déagóir uachtar reoite fán slí. 

Bhíomar breá luath ar an gcé. B'fhearr liom go mór é sin ná bheith ag brostú agus faoi strus. Dhá dtrian taistil feitheamh!

Bhí an turas gairid trasna go hInis Oírr beagán garbh, an bád ag gearradh na dtonn nó ag preabadh orthu. Ach laistigh de ceathrú uaire bhíomar cois cé in Inis Oírr. 

Thugamar aghaidh ar an láthair campála, d'ardaigh an puball, líon an tolg aeir (don déagóir) agus thug aghaidh ar Thigh Ruairí agus dinnéar. Blasta. 

Agus ansin codladh! Lá fada taistil curtha isteach againn.