Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-11-01

Iomthúsa Aonghusa ar Shlí Dhéagláin

Bhí cúpla lá saoire le tógáil agam roimh deireadh na bliana. Ó tharla an Luan saor cibé ghlac mé an Máirt agus Céadaoin saor. Céard le déanamh? B'shin an cheist. Thaitin an blaiseadh de Shlí Dhéagláin a fuair mé sa Meitheamh liom. Agus ansin nuair a fuair mé amach go bhfeadfaí fanacht i Mainistir Chnoc Meilearaí bhí mo chinneadh déanta.
 
D'fhág mé an baile (ró-) luath maidin Luain ar an 133 go Busáras. Bhí sé i gceist agam bricfeasta friochta a chaitheamh i lár na cathrach a choinneoidh ag dul mé go tráthnóna, seachas roinnt mion sólaistí a bhí ar iompar agam.  Thóg mé an Luas ó Busáras chomh fada le Jervis dá réir agus bhí bricfeasta breá agam i
gCaifé Lemon Jelly. Bhí súil agam deis a bheith agam Aifreann a éisteacht ina aireagal na Sacraiminte Ró Naofa, ach ainneoin a dúirt Google bhí siad iata go dtína 10:30, de bharr an Lá Saoire Bainc.

Shúil mé i dtreo Heuston, ar an seans go beadh séipéal eile ar na céanna ar oscailt agus Aifreann á rá. Ní raibh. Caife eile i Heuston mar sin, agus fanacht ar thraein Phort Láirge. Beagán thar dhá uair a chloig a thóg an turas traenach - bhí mé ag scríobh ar mo ríomhaire glúine ar mo chompord, rud a ghiorraigh an turas. Na cluasáin istigh toisc go raibh foireann óg peile sa charráiste!

An tSiúir a thrasnú ansin i bPort Láirge go dtí stáisiún na mbus. Fanacht tamall ar bhus Chorcaigh. Tuirling i nDún Garbhán. Uair a'chloig le feitheamh ar bhus nasc áitiúil go Ceapach Choinn. D'fhág mé Heuston ag 10:15 agus bhí mé i Ceapach Choinn thart ar 15:30. Ach bhí sé ciliméadar fós le dul. Bhí sé i gceist agam tacsaí a ghlacadh ó Cheapach Choinn toisc go raibh orm bheith ag an mainistir roimh a cúig. Ach chlis aip Freenow orm - níl aon chlúdach, is cosúil. acu i gContae Phort Láirge. Thosaigh mé ag siúl mar sin, ach an ordóg amuigh agam nuair a bhí carr ag dul mo threo. Faoi dheireadh, agus thart ar 1.5 siúlta agam stop fear óg agus chroch leis chun na mainistreach mé. Fuair mé eochair mo sheomra agus treoir chuig an teach aíochta sa mhainistir. Bhí sé roimh 16:30. Seomra le dhá leaba, seomra folctha ann.
 
Tráth easpartan ag a 17:45. Tá dhá séipéal sa mhainistir, séipéal an phobail atá beag íseal agus séipéal an chomhluadar atá mór ard agus oiriúnach do chanadh na tráthanna. D'aithneofá ar an ngorm gur ó stiúideo Harry Clarke a tháinig an fhuinneog mór. Léiriú ar chorónú Mhuire.  Seisear nó mórsheisear manach a chonaic mé ag canadh na tráthanna fad is a bhí mé ann; agus scaití tionlacan ó bhean ar an orgán. 
Tar éis na hEaspartan bhí suipéir curtha ar fáil i bproinnteach an teacht aíochta - sceallóga, trátaí friochta, ispíní is bagún. Bhí sás déanta tae agus caife ar fáil i gcónaí. Coimpléid um a hocht. Clabhsúr leis le canadh an Salve Regina - as Laidin.  (As Béarla a bhí na hamhráin agus léachtaí ar fad seachas sin). Ardú croí agus meanman. 
 
Chuaigh mé a luí ansin, aláraim socruithe ar an bhfón agam chun éirí don bigil ag 4:30. Ní raibh gá leis - réab cloig na mainistreach as mo shuan mé. Leathuair nó mar sin san séipéal ag éisteacht le cantaireacht agus léachtaí. Thar nais a luí ansin go dtí na moltaí ag 7:00. Aifreann ina dhiaidh sin agus ansin bricfeasta. Réitigh mé mé féin chun siúl ansin. Bhí sé i gceist agam imeacht tar éis tráth terce. Tharla áfach go raibh na manaigh ar fad gafa agus nach raibh éinne ann chun é chanadh. 

Bhí ceo ag scaipeadh agus mé ag dul ar bhealach Dhéagláin i dtreo Chaisil. 
 
Cosáin agus bóithre coille go dtí go raibh mé amuigh ar talamh oscailte. Bhí plean beartaithe agam roimh ré (agus ráite le mo nuachar) - an líne bán ar an léarscáil thíos. Nuair a chonaic mé áfach go raibh cosán márcáilte go dtí foinse uisce Chnoc Mheilearaí, bheartaigh mé sin a leanacht in ionad. (Líne dearg thíos). Trinse cloiche, chomh díreach le rialóir trasna an phortaigh is ea an canáil a thugann uisce chuige mainistir agus feirm. Bhí mé tar éis teacht thar sraith taiscumar níos ísle. Rinne mé iontas den canáil, toisc go raibh an cuma air, gar don trí sruthán is foinse dó, go raibh an t-uisce ag dul in aghaidh an fána. 
Is cosúil go bhfuil fórsa go leor sna srutháin le sin a bhaint amach.
 
Ón gcumar ag a bhfuil an foinse thug mé aghaidh ar an gcnoc oscailte, ag siúl i línte nathrach go barr Cnoc na gCnámh. Bhí sé ceomhar arís, ach ní raibh imní orm toisc go raibh léite agam go raibh fothrach balla fán barr chomh fada le Cnoc Maoldomhnaigh. Chonaic mé an t-uafás Dónall (nó Máirín?) an chlúimh. 

Ar an slí suas, nuair a scaip an cheo, bhí radharc ar machairí méithe na Mumhan thíos fúm, ar Abhainn Mhór na nDéise ag lonrú faoin ngrian agus amach uaim an fharraige mór. Bhí an ceo ag scaipeadh agus ag tiubhú de réir mar a chuaigh mé ar aghaidh. Bhí an grian láidir, agus bogha le feiceáil sa cheo.


 Tháinig mé ar an mballa, agus chas ar chlé i dtreo Cnoc Maoldomhnaigh. Síos isteach i mbearna idir an dá sliabh agus ansin dreapadh sách géar i dtreo an mullaigh. Chonaic mé dreoilín gar do Shuí an Dreoilín! (Léarscáil East-West agam, agus logainmneacha i nGaeilge nuair  a bhí fáil orthu)
Bhain mé amach an mullach. Bhí athair agus a mhac óg romham - é féin agus an leaid óg, 6 bliana d'aois, agus obair ar na pointí is airde san 32 contae a bhaint amach diaidh ar ndiaidh. Bhíomar os cionn na scamaill.  Chonaic/rinne mé scáil an Bhrocain don gcéad uair i mo shaol. (Sé sin, bhí an ghrian laistiar díom, scamaill fúm agus mo sċail le luain thart air le feiceáil.)
 
D'imigh athair agus mac, tar éis dúinn an gar a dhéanamh dá chéile agus pictiúir a ghlacadh. Tháinig fear ón bPolainn agus a mhadra ina n-áit. Nuair a bhí seisean ag réiteach a shorn chun dinnéar a atéamh, thug mise m'aghaidh ar na shleasa ó thuaidh. Síos liom i líne nathrach i dtreo an bhóthair. Tá carraig Aifreann ar na sleasa sin, a bhfuil radharc i bhfad uathu - ach ní dhearna mé tréaniarracht é a aimsiú. Bhí róslabhras fairsing ar na shleasa ísle.
 
Lean mé an bóthar ansin go dtí gur bhuail mé le Slí Dhéagláin arís ag an mbearna buí - fós ar bhóithre go dtí gur bhain mé imeall críocha na mainistreach amach. Bóithre feirme tríd coillearnach agus goirt ansin go dtí go raibh mé ar ais sa mhainistir. Bhí am agam cith a bheith agam ar mo shuaimhneas sula raibh sé in am easpartan. Chaith mé súil freisin ar an siopa agus an ionad oidhreachta, ina bhfuil cúig chinn de clocha oghaim a tugadh ann as láthair eile.
 
Ina dhiaidh sin chuaigh mé ag lorg béile i gCeapach Choinn le mo dheirfiúr agus a nuachar, a bhí ag taisteal thart i veain s'acu - socrú a rinneadh ar WhatsApp níos luaithe sa ló. Ach ní raibh proinnteach ar bith oscailte i gCeapach Choinn. Mar sin, is sa ghreim gasta ag ithe ceibeab a leaindeáil muid. Bhí sé maith go leor.
 
Thug siad ar ais chun na mainistreach mé in am do coimpléid, agus ansin chuaigh mé a luí. Bigil san oíche arís, Moltaí agus Aifreann ar maidin. Mórsheisear manach a chonaic mé agus mé ann. Bricfeasta maith tar éis Aifrinn, agus tar éis terce  thug mé faoi Shlí Dhéagláin i dtreo na hAirde Móire.  
 
Ar bhóithre agus ar bhóithre glasa is mó a bhí sé chomh fada leis an Lios Mór. Ag caisleán Leasa Mhóir chas mé ar chlé agus lean an abhann ar feadh seal go dtí go raibh orm é a fhágáil agus dul ar bhóithre go dtí Ceapach Choinn.

Bhí mé díreach in am do bhus nasc áitiúil go Dún Garbhán nuair a shroich mé Ceapach Choinn ag 13:30. Thart ar deich nóiméad ag fanacht i nDún Garbhán ansin ar bhus Expressway go Port Láirge. Ar an ndrochuair, ní raibh traein níos luaithe ná 18:25 ar fáil. Mar sin, bhí mé i mo thurasóir i bPort Láirge ar feadh seal - blagmhír ann féin. 
 
Traein - Luas - Bus - Baile.
 
Dóibh siúd ar spéis leo costais:
  • Ticéad fillte go Port Láirge, ceannaithe ar líne - €26.78
  • Bus expressway, ceannaithe ar líne, Port Láirge <-> Dún Garbhán - 11€ x 2
  • Bus nasc áitiúil le cárta Leap - €1.40 x 2
 Deontas a iarrann an mainistir, thugadh treoir 55€ san oíche dom. Bheadh trí bhéile isló san áireamh, dá mba mhaith leat sin. 
 
Suaimhneas agus áilleacht dúlra ar feadh cúpla lá.
 
Deo gratias
 
  •