11 December 2009

Roma Locuta

Ráiteas an Phápa i ndiaidh a chruinniú le Príomháidh na hÉireann maidir le tuarascáil Uí Mhurchú.

Ráiteas láidir, ag léiriú náire agus uafás, agus toil chun leasú.
Tá litir tréadach geallta aige dúinn.

Is trua nár ghlac an Curia an deis soiléiriú a dhéanamh ar an easpa caidreamh a bhí acu leis an gCoimisiúin. Ba mhaith liom freisin rud éigin soiléir a fheiscint faoi na líomhaintí gurbh de bharr Dlí Canónta na hEaglaise a theip ar Easpaig an cheist a chuir faoi bhráid na Gardaí. Deirtear, gan amhras, san tuarascáil nár cuireadh an Dlí Canónta ná Dlí an Stáit i bhfeidhm. Ba mhaith liom ráiteas soiléir ón Róimh ag léiriú gurbh é dualgas gach Easpaig agus Cléireach fónadh do dhlí na hEaglaise agus Dlí an Stáit i gcás mar seo, gan trua ná taise don gciontach.

Causa finita? Níl, ná baol air.

6 comments:

Mise Áine said...

Is dóigh liom go mbeidh fanacht ort, a chara...

aonghus said...

Is cuma liom fanacht, ach toradh fiúntach a bheith ar an scéal.

Tá muinín agam as Ó Máirtín agus Ratzinger - creidim go dtiocfaidh an athnuachan is gá. (Nach ionann agus roinnt de na tuairimí atá á léiriú sna meáin, gan amhras)

ormondo said...

Ach maithfear don phobal má théann siad i muinín an "fhorchoimeádais intinne" le feadh tamaillín eile.

-;)

aonghus said...

Ceist do gach ball aonair den bpobal é.

Maidir leis an "fhorchoimeádais intinne", sílim go raibh an Cairdinéil mícheart. Aithníonn teagasc na hEaglaise cinnte gur ceart ar mhaithe le carthanacht iomlán na fírinne a cheilt ar dhaoine nach bhfuil sé de cheart aici fios iomlán a bheith acu. Ach sin an méid. Níor bhain sin leis an gCoimisiún.
Féach CnaHEC

Tuigim go raibh drogall air toisc gur gheall sé rúndacht - rud nach raibh sé, i mo thuairim, de cheart aige a dhéanamh. Féach uimhir 2941.

ormondo said...

Agus dromchla bréagach ar beagnach gach ghné den saol poiblí caithfidh mé a admháil gurbh fhiú do dhaoine an caiticeasma a léamh mar - faoi mar a fheicim - pléann sé le gnéithe atá ábhartha don saol laethiúil - dá nglacfaí leo.

Ar an taobh eile den scéal tá sé ró-éasca do dhuine réasúnú áisiúil a dhéanamh i bhfianaise na "mbealach amach éigeandála" ón bhfírinne siúd agus ansin dul i bhfolach taobh thiar de na treoracha dá bharr ar an míthuiscint teolaí go bhfuil séala fíréanta ar a chuid iompair.

aonghus said...

Ina aghaidh sin faoistin agus anamchara!