Tá an leabhar Endurance le Dermot Somers díreach léite agam.
Cuir síos ar seacht gcinn d'aistear in Éireann.
Tá tíolacthaí ar léith ag Dermot a fhágann go bhfuil scil thar an gcoiteann aige chun na hoibre seo.
Tá Éire siúlta aige, agus aithne agus grá aige don tírdhreach. Tá Gaeilge ar a thoil aige, agus teacht aige ar foinsí dá réir - agus is léir go ndeachaigh sé i gcomhairle domhain leo. Léiríonn an saothar seo gur scoláire agus gabha focail den scoth é. Bhain mé an-taitneamh as, agus molaim é.
Seo iad na seacht turais a pléitear:
- Éalú Aodh Rua ó Caisleáin Átha Cliath.
- Eachtra Francisco de Cuéllar
- Camchuairt Ó Suilleabháin Béara
- Eachtraí na Tána
- Aistir Bhrian Ború
- Caoilte agus Pádraig ar a gcamchuairt, mar a léirítear in Agallamh na Seanórach.
- Eachtaí Michíl Uí Chléirigh ag tiomsú a chuid saothair, go háirithe Annála na gCeithre Máistrí.
Thuas: Loch Té, ó Wikimedia.