
Bhí
alt san Times inniu ag
Ferdinand von Prondzynski maidir le cruinneas gramadaí sa Bhéarla. Seans go bhfuilim uafásach fimíneach, ach aontaím le cuid mór dá bhfuil á rá aige, cé nach maith liom
beachtairí agus
saoithíní. Agus, monuar, tá mo chuid Gaeilge scríofa lochtach go maith. Ach ní hionann sin agus mé bheith den tuairim nár cheart caitheamh go cúramach le focail!
(Fuair mé an íomhá úd de Ridire Teotanach
anseo, cé gur athraigh mé rud beag é)