Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-12-23

Pius XII agus na Giúdaigh


De bharr gur fhógair an Vatacáin go raibh Grád Laochúil i Suáilce aitheanta do Pius XII, tá teannas arís idir Giúdaigh agus an Eaglais Chaitliceach. Mar a bhíonn uair a bith a luaitear Pius XII, ó foilsíodh dráma Rolf Hochhuth An Fear Ionad san 1960í.Roimhe sin bhí meas forleathan ag Giúdaigh ar an bPápa - mar atá ag cuid acu fós. Léiríonn aiste seo le Rabbi David Dalin é seo, chomh maith le saothar an Pave the Way Foundation.

Is fíor nach mbeidh gach cáipéis de chuid Pápacht Phacelli ar fáil go forleathan go ceann sé bliana eile nó mar sin, de bhrí go bhfuil obair cartlainne fós ar bun. Ach ní cinneadh stairiúil, ach tréadach ab ea an aitheantas thuasluaite.

Feictear dom féin go bhfuil na Giúdaigh atá corraithe faoin Shoah - agus an ceart go hiomlán acu - ina ceithearnaigh acu siúd ar mian leo tochailt faoin bPápacht. Idir iad siúd laistigh den Eaglais atá a bheag nó a mhór i gceannairc, agus iad siúd lasmuigh ar mhian leo an Eaglais a scrios. Go deimhin, bhí líomhaintí ann ó Maor i Seirbhís Rúnda na Rómáine go raibh lámh láidir ag an KGB san dráma úd a chas an tuairim poiblí in aghaidh Pius XII.

Tá dóchas agam go leanfaidh an obair chun caidreamh níos fearr a thógáil idir ár deartháireacha sinsear sa Chreideamh, na Giúdaigh, agus an Eaglais Caitliceach Rómhánach. Tá a lán peacaí ar coinsias na hEaglaise i leith na nGiúdach. Rud a aithin Eoin Pól II go minic. Ach creidim go léireoidh obair staraithe nach ceann acu "tost" Pius XII, agus go bhfaighidh seisean an t-aitheantas atá ag dul dó. Shábháil an Eaglais, de réir aiste Dalin thuas agus foinsí eile, 700,000 Giúdach. Líon an-bheag i bhfianaise an 6 milliún a bhásaigh. Ach níos mó ná eagraíocht ar bith eile.


Aguisín: Alt ag John Allen ag rá go bhfuil gá ann a mhíniú tuige go mba cheart Pius XII a chanónú. Tá dealramh leis an gceist.

Aguisín II: Ráiteas ón Vatacáin ar an gceist.


Pius XII, ó Wikimedia.