Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-12-30

Ciste shaibhir Sheáin

Bhí leabhar Sheáin ar mo mhianliosta Nollaig, agus fuaireas é. Is fíor go raibh roinnt dá chuimhní cinn taitneamhacha léite agamsa sna hirisí agus le deireanas ar a bhlag. Ach is maith ann iad idir clúdaigh leabhair. Ciste deas le bheith ag tarraingt as. Feileann an íomhá clúdaigh go maith mar meafar don leabhar - na bóithre mar a bheadh sruthanna ar leith ag eascairt as foinsí éagsúla, ag teacht le chéile. Cuimhní cinn teaghlaigh. Taithí saoil. Samhlaíocht.

Thaitin a leagan de na heachtardhomhandaigh ag stiúradh an chine go séimh ón gcúlra go breá liom. Is píosa breá ficsean eolaíochta an scéal Oileáin Charlie, agus cá bhfios nach bhfuil síol úrscéil ann, nó san scéilín a lean é.

Tá an ghreann, an taithí saoil agus an grinn-dhearcadh sna scéalta agus cuimhní cinn seo. Is léir gurbh as dream spéisiúil, láidir a shíolraíonn Seán. Is maith ann na sceitseanna anseo ar saol Bhleá-cliathach atá imithe, agus is maith ann na gearrscéalta nua.

Tá moladh ag dul do chéile Sheáin a mheall uaidh an leabhar seo, agus a ghabhann sé buíochas léi san iarfhocal. Súil agam go mbeidh sí ina bean glúine ag tuilleadh ón gCiste chéanna!



Inné agam mar chiste agus scéalta eile.

Seán O’Connor
Coiscéim 2009