Píosaí liom in áiteanna eile:

2005-11-23

Ceathairnín nó Cailín?

Rinne mé taifead ar chlár Leargas ar William Rowan Hamilton i rith na seachtaine seo chaite. Ní raibh am agam féachaint air go dtí an deireadh seachtaine.

Tá suim agam ann toisc go bhfuil ceatharníní lárnach do mo chuid oibre faoi láthair - úsáidtear iad chun cuir síos ar treoshuíomh spásarthaigh.

Bhí díoma orm leis an gclár, áfach - rinneadh níos mó plé ar scéal ghrá thruamhéileach Hamilton agus a rúnsearc Catherine Disney ná ar a chuid oibre.

Cé go raibh eolaithe sa chlár ag ra de shíor gurbh iontach an obair a rinne sé, níor thug siad le fios cén fáth.

Tá an tOllamh Annraoi de Paor le léacht a thabhairt ar Hamilton ag An Roth ar an 1ú Nollaig. Tá dóchas agam go mbeidh níos mó le foghlaim agam ansin!