Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-02-19

An iad na mná amháin atá freagrach?

Tá bolscaireacht chun cur i gcoinne galair a tholgtar de bharr collaíocht ar bun ag an FSS.

Le féachaint ar na fograí, cheapfá gur ceist do mhná amháin atá ann smaoineamh air, agus bheith réidh le coiscín a bhrú anuas ar bhod a bodach.

Meabhraíonn sé scéal dom a chonaic le deanaí san nuachtán, go mbraitheann mná óga faoin dtuath an-bhrú bheith "gníomhach" maidir le collaíocht, ach ag an am chéanna gur deacair dóibh aon rud a dhéanamh maidir le frithghinúint - toisc go bhfuil aithne ag cách orthu, agus go mbeadh meas striapaigh orthu dá rachadh siad isteach sa phoitigéar ar lorg coiscíní nó a léithéid.

Sé an seasamh atá agamsa ná seasamh na hEaglaise CR - gur rud maith an collaíocht, ach gur laistigh den pósadh agus oscailte do leanaí an t-aon fráma cuí dó. Nó, ar a laghad, laistigh de chaidreamh buan, ina bhfuil bean agus fear ag glacadh freagracht dá chéile.

Bhí píosa mhaith ag David Quinn san Irish Catholic mar gheall ar seo an tseachtain seo chaite.

Feictear dom go bhfuil an seanscéal fós fíor - trua agus taise don mhac drabhlásach, ach chun diabhail leis an iníon drabhlásach.

Cén sórt saoirse é sin?