Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-01-11

Bleachtaire

Comhrá ar Twitter leis an té a chuir an cuntas ceiliúrtha do Cathal Ó Sandair ar bun a mheabhraigh an focal seo dom. (Róisín Adams, mura bhfuil dul amú iomlán orm). Ní cuimhin liom anois cá háit a léigh mé an cuir sios ar conas a tháinig an focal bleachtaire mar ainm ar an té a lorgaíonn fios fátha scéil chun cinn. "Emil agus na Lorgairí" a bhí ar an gcéad aistriúchán ar Emil und die Detektive mar shampla.
Mo mheathchuimhne ar an gcuir síos a léigh mé ná go raibh baint aige le blí eolais. Chuaigh mé ag tochailt. Fuair mé an tagairt seo ar dúchas: 
bleachtaire (“Bladderer”) a wheedler

Chuaigh mé ag tochailt agus tháinig mé ar an dá iontráil seo i Sanas Gaoidhilge-Sagsbhéarla le O'Reilly:

bleachtaire: duine a bhlíonn ba.

bleachtaire: bladaire, cealgaire; duine a dhéanann iarracht do mhuinín a fháil trí caint deisbhéalach ar mhaithe leis féin.

Measaim féin gur eascair an dara brí as bléan (eolais) agus gur tháinig  an chiall "duine a lorgaíonn fios fatha scéil (coiriúil)" as sin.  

Le tús an chéid seo caite a bhaineann formhór na tagairt i gCorpas Foclóir na Gaeilge - feictear dom gur péas atá i gceist sna tagairtí ar fad beagnach.

I Foclóir L.S. Gógan tá 

bleachtaire: detective; accepted in this sense.

 Tá nod gur deacair dom a léamh leis - Blask Iris VIII .58 b'fhéidir? Tá téacs eile faoi atá scriosta amach.

In eagrán 1927 d'fhoclóir an Duinnínigh tá :

bleachtaire, g. id., pl. -rí, m., a milker,a dairyman, a milk-dealer ; a wheedler; a detective (rec.).

Bhain Pádraig Ó Conaire feidhm as an bhfocal Bleachtaire, mar shampla, i Bé an tSiopa Seandachta sa leabhar Seacht mBua an Éirí Amach.

An sampla is luaithe atá faighte go dtí seo againn ná san scéal Bean an Leasa le Pádraig Ua Séaghdha a foilsíodh in Irisleabhar na Gaedhilge Iml 9 in 1899.

“Bleachtaire is eadh thu, bhí amhras agam ort le mí nó mar sin,” ar sí. “Ó, ná bac sain de,” ar sé, “beidh aimsir ár ndóthain againn le trácht thar na gnóthaidhibh sin ar ball; tá cumhdach id' bhrollach agat, agus atá na clocha uaisle ann is dócha? Sín annso chugam iad, acht fan go fóil, tógfad féin iad.”

Níl aon ceannfhocal do Bleachtaire  i Croidhe Cainnte Ciarraighe le Seán Óg Ó Caomhánaigh (An Cóta) ach tá sé úsáidte go minic sna habairtí samplacha, agus an ciall reatha leis.


De réir má thagann mé ar bhreis eolais cuirfidh mé leis an nóta seo é.