Maidhc. 1957 Maidhc abú 1960 Maidhc bleachtaire 1961 Maidhc sa Danmhairg 1968 |
Ní raibh iomrá ar bith agam ar P.D. Linín go dtí gur luaigh Eoin P. Ó Murchú tamall ó shin a leithéid de dhuine a bheith ann agus scéalta bleachtaireachta do ghasúir scríofa aici. Ansin le déanaí chuala mé caint arís uirthi mar go raibh píosa léi san díolaim a d'fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha - bhí Róisín Ní Dhorchartaigh ar duine den triúr ban ceannródaíoch a chuaigh isteach sa Roinn - bhí sí i gcomhluadar Mháire Mhac an tSaoi sa bheart sin. Róisín Bean Mhic Dhonnchadh a hainm tar éis pósta agus tá clann léi fós i seirbhís an stáit. Tá nóta fúithi ar an Vicipéid.
Spreag an chaint mé le dul sa tóir ar na leabhair ón leabharlann. Is cinéal crannchur a bhíonn in iasacht idir leabharlainne - agus is an leabhar deiridh Maidhc sa Danmhairg is túisce a fuair mé. Thóg sé i bhfad orm Maidhc Bleachtaire - an dara úrscéal - a fháil.
Is gearrscéalta atá i gceist le Maidhc agus Maidhc abú - eachtraí gairide spleodracha. Bíonn Maidhc agus a chairde ag cumadh scéimeanna ar mhaith le pingeacha a shaothrú. Sa leabhar Maidhc tá siad ag iarraidh airgead a chnuasach chun scútar a cheannach. (Sé sin, gluaisrothar bheag). Coisctear sin orthu, fiú nuair atá siad tar éis deontóir fláithiúil a aimsiú agus i Maidhc abú teilifíseán an sprioc.
Maidhc an cheann feadhna sna scéimeanna; Colm agus Cian a chomrádaithe, agus uaireanta Nuala. Ní bhíonn rath ar na scéimeanna go hiondúil, agus go deimhin tarraingíonn siad achrann ar Mhaidhc agus a chairde sách minic. Mar sin féin tarrtháiltear leanaí, tagtar i gcabhair ar dhaoine, rugtar ar chorr bhithiúnach. Tá dhá eachtra ina dtagann Maidhc agus a chairde i gcabhair ar scoláire eachtrannach á tharrtháil ó thromaíocht agus ag foghlaim caoinfhulaingt do nósanna eile!
Scéinséir ceart is ea Maidhc Bleachtaire. Tá an bhean óg ón Latvóin (tír samhalta i Lár na hEorpa) imithe gan tásc ná tuairisc - bhíodh sí ina cailín aimsire le hUncail Mhaidhc. Níl na daoine fásta ró-bhuartha - beatha duine a thoil. Ach síleann na daoine óga go bhfuil rud éigin amhrasach faoin scéal agus tosaíonn siad ag fiosrú. Ní fada go bhfuil siad ar a seachaint ó bhithiúnaigh armtha allúracha, sáite i réabhlóid, agus sroicheann an scéal a bhuaicphointe le eachtra spleodrach i sorcas... Le Maidhc agus a chairde an lá áfach!
Taidhleoir é athair Mhaidhc agus tugann sin é go dtí an Danmhairg don tríú eachtra. Tá a mhuintir ar comhdháil thábhachtach ag socrú conradh idirnáisúnta - agus nuair a bhíonn bean óg Éireannach trína chéile ag na póilíní níl ach Maidhc agus a chairde Colm agus Cian atá san ambasáid. Tarrangaítear isteach i scéal iad a bhfuil a fréamhacha ag dul siar go dtí an chogadh agus frithbheartaíocht na Danmhairge. Bíonn tóraíocht agus eachtraí ann - tríd an Tivoli ag pointe amháin - ach éiríonn le Maidhc agus a chomrádaithe teacht ar fios fatha an scéil agus feirmeoirí na Danmhairge agus na hÉireann araon a tharrtháil ó chonradh cam trádála! Tá na firící ag an údar faoin áit agus an stair - ina measc go raibh bean rialta de chuid na hÉireann i measc na híospartaigh nuair a chuaigh buamaí ar strae agus ceannáras an Gestapo i Cóbanhávan á bhuamáil.
Bhain mé an taitneamh as an scíthléitheoireacht seo, agus measaim go mbainfeadh daoine óga an lae inniu freisin. Tá Just William feicthe curtha i gcomparáid agam le Maidhc. De réir an méid a chuimhním air de sin - a léigh mé daichead éigin bliain ó shin, ní aontaím. Ní rógaire é Maidhc. Ní ar mhaithe leis féin a ghníomhaíonn sé - ach as croí maith ar son an chirt. Is túisce a chuirfinn i gcomparáid é le Emil i Lönneberga Astrid Lindgren (mar Michel a chuir mise aithne ar siúd) nó Emil ó Emil agus na Bleachtairí Erich Kästner.
Laochra iadsan nach rógairí iad, ach nach naoimh iad ach oiread. Bíonn siad i scréipeanna, ach déanann siad an beart fónta i gcónaí agus bíonn siad cliste grinn agus glic.
Is clasaicí in óglitríocht na hEorpa iad agus measaim gur mór an trua é nach bhfuil an cháil sin ag Maidhc i measc na nGaeil Óga. Níl ach leabhar amháin fós ar fáil ó Cló Iar Chonnachta - Maidhc san Danmhairg.
Chuir CIC sraith leabhair le Enid Blyton ag baint leis an gCúigear Cróga agus an Seachtar Stuama i gcló le déanaí. Is maith ann na leabhair sin, agus tuigim an bhuntáiste margaíochta a thugann ainm aitheanta úair Bhéarla.
Creidim áfach go bhfeadhfadh rath a bheith ar athchló ar na leabhair faoi Mhaidhc - go háirithe dá ndéanfaí dearadh tarraingteach orthu (nílím iomlán tógtha le líníochtaí Fhionain de Bharra!).