Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-01-28

Otherland

Le Mintz_l - grianghraif féin, Fearann poiblí, Nasc 
Tá ǀKaggen na San lárnach i scéalta !Xabbu
Níl fhios agam an i gcomhthéacs Metaverse a bhí sé, nó an amhlaidh gur luadh an t-úrscéal ar chúinse eile, ach chonaic mé tagairt fíor mholtach ar Twitter ó Nnedi Okorafor don úrscéal Otherworld. Ollúrscéal atá ann, breis agus trí mhíle leathanach, roinnte i gceithre imleabhar. 

San aimsir píosa beag romhainn atá an scéal lonnaithe, ach go bhfuil forbairt mhór tagtha ar an idirlíon - is féidir le daoine iad féin a thumadh i réaltacht fíorúil a théann i bhfeidhm, ach an trealamh ceart a bheith ag duine, ar na céadfaí uilig. Uaireanta bíonn trealamh ag daoine atá nasctha go hiomlán lena gcórás néarógach.

Samhlaíonn Tad Williams go bhfuil daoine iontach saibhre ag iarraidh iad féin a uaslódáil go dtí leagan iontach forbartha den réaltacht fíorúil seo chun neamhbhásmharacht a bhaint amach. (Tá leithéidí Peter Thiel agus Elon Musk ag caint ar a leithéid le fada, mar sin ní fantasaíocht amach is amach an tuairim sin!).

Tugann daoine eile faoi ndeara go bhfuil leanaí ag titim i gcóma, sáinnithe is cosúil sa líonrá, agus téann siad ar thóir eolais. Tá cliar mhór carachtar sa scéal, na laochra atá ag iarraidh leanaí gar dóibh a tharrtháil, agus an lucht saibhir atá ag obair ar an neamhbhásmhaireacht - maraon le carachtair eile nach léir baileach a ról, agus ceann de na bithiúnaigh is foréigní scanrúla ar léigh mé riamh. Diaidh ar ndiadh a scaoiltear an t-eolas linn faoi cad atá dáiríre a tharlú, agus cén fáth - agus cad go díreach atá ag croí an líonra nua seo, agus conas go díreach atá na daoine atá gafa sa scéal bainteach leis.

Tá go leor domhain fíorúla ann, ag tarraingt as samhlaíocht agus litríocht an chine le fada - rud a fhágann go leor spás do chrostagairtí. Leanann an eachtra san domhan fíorúil - áit a bhfuil cuid den gcliar sáinnithe agus san fíorshaol, áit a bhfuil daoine éagsúla ag iarraidh mistéir bainteach leis an scéal a réiteach.

Is ar Kindle a bhí ag léamh na leabhair - ach bhí greim daingean acu orm agus bhí orm srian a choinneáil orm féin chun gan dul tríd i gníomh chraois amháin ag déanmah neamhaird ar an saol thairis.

Ceann de na gnéith agus na daoine is fearr a thaithnigh liom ná an carachtar !Xabbu, duine de fuíollach an phobal San san Afraic Theas, a raibh tréimhse áirithe caite aige sa bhfásach lena phobal dúchasach ach a bhí freisin tar éis bheith sa chathair agus oideachas curtha air. Bhí sé ag iarraidh foghlaim faoin réaltacht fíorúil chun oidhreacht scéalta agus saoil a phobail a chaomhnú. Tarraingítear isteach sa scéal níos leithne  é - agus tugann a scéalta béaloidis agus a thuiscintí sinseartha buntáistí dó agus dá chairde.

Ar an dtaobh eile cuireann a chol lena dhúchas bundúchasach féin agus an fuath nimhneach dá mháthair agus dá scéalta nimh agus olcas breise san bithiúnach - agus is cuid iad den tragóid (sa chiall claiseacach) a bhuaileann eisean ag deireadh. 

Tá scéalta grá den uile chinéal - na ceithre ghrá - fite fuaite san insint, agus tá tóraíocht eolais, agus feidhm na scéalaíochta, 

Bhí grúpa creidmheach ann mar céilí comhraic leis an drong saibhir freisin, ach bhraith mé nach raibh a sciar siadsan den insint forbartha leath chomh maith céanna. 

Tá a chuimhne caillte ag ceann de na príomhcharactar atá ag fánaíocht tríd an réaltacht fíorúil gan fhios aige i dtosach go bhfuil sé ina léithéid ná cén fáth ná conas - gléas éifeachtacht chun an scéal a roinnt linn diaidh ar ndiadh, gob ar ghob leis an méid atá á fháil amach ag dreamanna eile san fíor saol agus san réaltacht fíorúil.

Scéinséir iontach sásúil atá ann, dar liom. Agus neart ábhar machnaimh ann - cé go bhfuil amhras orm go bhfuil "uaslódáil aigne" indéanta in aon chor - agus táim cinnte nach bhfuil sé chun tarlú sa chéad seo amach romhainn.