Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-01-22

Béascna agus líonraí na litríochta

             Foinse - le Josef F. Stuefer 

Bhí mé ag faire ar maidin ar imeacht de chuid Cumann Merriman - Siompóisiam: Cothú an phobail léitheoireachta: An léitheoir, an léirmheastóir agus an foilsitheoir.

Tríur a labhair.

Labhair Liam Mac Cóil faoin mbéascna a chothaíonn litríocht agus a phobal léitheoireachta. Bhain sé feidhm as samhail an nead damhain alla - a mbíonn, fearacht gréasán ar bith nóid ann, agus snáithe á nascanna. Nóid áirithe - na meáin chumarsáide - níos mó agus níos nasctha, cinn eile níos lú agus níos pearsanta. Iad uilig tábhachtach don léamh agus don léitheoir. Rinne sé éileamh láidir go seachnófaí géilleadh do bhéascna uile-láithreach an Bhéarla. Tá ár gcultúr agus béascna féin againn, traidisiún litríochta le tarraingt as. (Tá obair mhaith á dhéanamh ag Leabhar Breac ach go háirithe cuid den saíocht sin a chuir ar fáil i nGaeilge an lae inniu, rud a luaigh Liam). Is gá féachaint chuige, dar leis, agus aontaím, go dtreiseofar na nóid agus cuir leis na nascanna eatarthu. Táim ag ceapadh go mbeidh a aiste le léamh amach anseo i gceann de na hirisí le nach mbeidh sibh taobh le mo chuimhne fabhtach!

Thosaigh Róisín Ní Ghairbhí a cuid cainte faoin léirmheastóireacht le meabhrú ar an bpobal as ar eascair dánta i dtosach agus an chomhthéacs teaghlaigh agus teallaigh a chothaigh an "ghlacadh" leo - an ghné carthanach san áireamh a d'aithin an dícheall fiú nuair nach raibh barr feabhais bainte amach. Labhair sí faoin réimse ó chritic acadúil go moladh leabhair do léitheoirí eile, agus an gá a bheith dearfach ach gan léiriú laigí a sheachaint - ar mhaithe leis an scríbhneoir agus na léitheoirí. Bhuaigh an chlog ar Róisín, mar sin tá súil agam go mbeidh teacht ar an iomlán a bhí fúithi a rá i bhfoirm scríofa amach anseo.

Bhí caint Thadhg Mhic Dhonnagáin ó dhearcadh an foilsitheora thar a bheith spéisiúil. Ó thús Futa Fata bhí Tadhg sásta rudaí a thriail, agus bíonn ócáid ar leith i gceist lena sheoltaí leabhair. Taibhsiúil!

Díol spéise domsa an dóigh a thug sé droim láimhe d'Áis chun dul i muinín Gill and Macmillan ó thaobh dáileadh leabhair, agus O'Brien Press (Comhlacht beag teaghlaigh iad féin) maidir le margaíocht. Ní bheidh foilsiú as Gaeilge riamh iomlán neamhspleách ar deontais ach ní cúis ar bith sin gan iarracht a dhéanamh bheith gairmiúil sa chuir chuige. Luaigh Tadhg na deacrachtaí a eascraíonn as cuir chuige maoinithe Scéim na Leabhair Ghaeilge, a éilíonn an leabhar clóite laistigh de thréimhse ar leith ama - go mbeadh cur chuige ilbhliantúil agus slata tomhais eile ar dul chun cinn na hoibre níos fóntaí.

Neart lón machnaimh - ní raibh deis ann ach do dhornán ceisteanna.