Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-01-29

Scéinséir síceolaíoch scanrúil sochreidte


Tá borradh faoi earnáil scannánaíochta na Gaeilge de bharr na scéimeanna tacaíochta Cine 4 agus an Ciste Craoltóireachta ó Thuaidh. Agus, cé go mbíonn nó go mbeidh na scannáin le feiceáil ar TG4, tá siad déanta don scáileán mór agus ag déanamh go maith sna féilte idirnáisiúnta. Rud atá ina spreagadh chun barr feabhais.

Cé go bhfuilim fós seachantach, mheall Doineann a bheith le feiceáil san IFI ag am lóin inniu isteach sa chathair mé. (Bhí mé réasúnta cinnte ná beadh an phictiúrlann plódaithe!)

Bhain mo mhac is mé féin ana thaitneamh as an scéinséir shíceolaíoch snasta scanrúil sochreidte seo. 

Bean agus páiste ar iarraidh ar Oileán iargúlta. Stoirm - Doineann - ar an mbealach. Fear céile trína chéile. Garda amuigh ar phinsin i bhfeighil an cuardach. Tugann Bríd Brennan taispeántas iontach - beagfhoclach, ciúin, ach ag tabhairt chuile rud faoi ndeara. 

Peter Coonan mar an céile Tom, go mór trína chéile, nó an bhfuil?

Seán T Ó Meallaigh ina iascaire chorr dúnárasach (agus thabharfá an leabhar gur Conallach é!)

An tírdhreach agus an aimsir ag léiriú an dorchadas ag croí an scéil, le casadh thar a bheith sásúil san eireaball.

Téama an smachta i gcaidreamh cíortha go caoin agus bun riail na scéalaíochta comhlíonta - ní hinsítear dúinn cad atá ag tarlú - taispeántar dúinn. 

Tá sé le feiceáil ar feadh seachtaine i mBaile Átha Cliath (agus Gaillimh measaim) - tapaígí an deis!

Is ait liom gurb as Béarla amháin atá suíomh an scannáin  https://www.doineannthefilm.com/ ach tá teacht ansin ar an t-eolas ar fad.