Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-02-09

Cupán deas tae

Ní mé an é an espresso a d'ól mé maidin inné, maille americano tráthnóna an cúis le mé bheith i mo lándúiseacht. Ach tá. Más ea, orm féin an locht. Místuama caife nó tae dubh a ól tráthnóna anois agus mé meánaosta. Cé go raibh laethanta ann leis an ciorcal díospóireachta Tí Fixx (nach maireann) inar chaith mé siar trí nó ceithre latté roimh dul ar aghaidh go Tí Duke agus cúpla piúint.
Tí Duke an t-aon rud nár athraigh agus an ciorcal ar siúl. Mise ag freastal air ó 2003 creidim. Café Ghael Linn ar Sráid Dawson a bhí mar ionad - agus an caifé féin dúnta. (Ní raibh mianach gnó ag an mbainisteoir. Is cuimhin liom an lá go raibh agóid mhór ar son an Ghaeilge mar theanga oifigiúil san AE. Bhí na mílte Gaeil thart agus tart orthu. D'éirigh liom féin caifé a dh'ól le Panu Höglund, mura bhfuil speabhraídí orm. Ach ar éigin, iad dár mbrostú as an áit. Ní raibh fhios acu go raibh an t-agóid le bheith ann...)

Fuaireamar bheith istigh ansin i Café Úna (nach maireann). In íoslach na Comhdhála (nach maireann) Is iomaí proinn bhlasta a chaith mé ann, agus cur is cúiteamh mar anlann leis. Tháinig an lá, áfach, nuair a chinn Úna go raibh saol eile uaithi seachas obair chaifé ó dhubh go dubh.

Dúirt sí liom go raibh a neacht ag rá "Cónaíonn mamó i nGaoth Dobhair. Agus cónaíonn Aintín Úna i gcaife Úna." Tá a sloinnte dearmadta agam, cé gur casadh ar a chéile muid roimhe sin, i mBeirlín.

Fuaireamar bheith istigh ar feadh seal i gCafé an Alliance Francais, trasna an bhóthair. Maireann an Alliance agus an caifé, ach ag pointe éigin tháinig Directrice nua. Thug sí bata agus bóthar don fear a bhí ag reáchtáil an caifé agus ag coinneáil ceapairí linn ar réamhordú. Eric bocht. Agus níor thóg sé i bhfad uirthi ina dhiaidh sin muid a ruaigeadh.

Bhogamar go Tí Fixx (nach maireann) a bhí san foirgneamh ar chúinne Sráid Theach Laighean agus Sráid Dawson. 

Leagadh an foirgneamh... 

Seal i gCafé Costa ar chúinne Sráid Nassau. Caife Costa-sach, mar a dúirt an té a dúirt. Agus ní raibh sé thar moladh beirte. 

Bhogamar suas an bóthar ansin go caife Nero. 

Ag pointe éigin san camchuairt seo, ní cuimhin liom go beacht cathain, d'imigh  Michal Měchura ar ais go Brno le tabhairt faoi dochtúireacht. Atá bainte amach aige ó shin, dearna leis. 

Ormsa a thit an cúram ceisteanna a scaipeadh roimh ré. Bhí mé roimhe sin ag giolcaireacht ar son an chiorcal - an chúis gur oscail mé cuntas Twitter an chéad lá riamh. 

Ansin tháinig dúnadh síos covid. 

Nuair a bhíonn na srianta scaoilte, is amhlaidh go raibh mo phost i Mullach Íde imithe. Agus an oifig don post nua i nDún Laoghaire. Níor fheil sé dom leanacht orm leis an gcúram, toisc - seachas mé bheith ag briseadh turas abhaile, bheinn ag taisteal isteach sa chathair d'aon uaim, ón mbaile. Chlis ar m'iarrachtaí comharba a aimsiú. 
Maireann an Ciorcal, cineál. Casann roinnt againn le chéile Tí Duke, uair sa mhí nó mar sin. Agus toisc muid a bheith ag tarraingt orthu le breis is scór bliain i nGaeilge a labhraínn na fir béar is faide atá ann linn. 

Táim ar seachrán ar fad ón ábhar a bhí i gceist agam blagáil, I. Tae. 
Is maith liom idir caife agus tae - tae luibheanna go hiondúil tar éis meán lae. 
Is maith liom rudaí nua a thriail, le hais an rogha cúng idir málaí tae Lyon's agus Barry's. (Lyons mo rogha) 

Ní féidir ceachtar den dá tae sin a ól, dar liom, gan liathadh. Nuair a chuaigh mé go dtí an Ghearmáin i dtosach, bhí sé de nós agam bainne a chur i mo chuid tae. Ach ní mar sin a óltar sa Ghearmáin é. Dubh, nó le cúpla braon líomóide. Ach tá na cumasc éagsúil. Tá cineál amháin tae thall a éilíonn bainne fearacht an tae abhus - Ostfriesentee 

Ní dóigh liom gur ól mé riamh le uachtar agus  Kluntje. Bhí siúcra Kandis agam ceart go leor, criostal móra donn nó buí. 

Fuair mé an tae chun cloí leis an nós bainne a chur ann. 

Ach diaidh ar ndiaidh chuaigh mé i dtaithí ar thae dhubh ar an modh Gearmánach. Bhínn ag ceannach málaí móra Flowery orange pekoe agus ar ball Earl grey freisin. 

Agus tae luibheanna. Agus tae sceach dearg le blas air. Agus...

Ólaim fós an iliomad cineál tae ach níl mé beadaí faoi. 

Feileann sé dom tae a ól dubh arís - tá sé deacair níos lú bainne ná lítear a aimsiú. Ar mhaithe le mo shláinte - brú fola agus araile - nuair a ólaim bainne bainne beagmhéathrais atá ann. 

Ach caithim tréimhsí gan bainne bó a úsáid in aon chor - bainne coirce ar an muesli. Agus tae dubh. 

Tá an déagóir i bhfad Éireann níos tógtha le tae, agus uirlisí agus cupáin éagsúla acu do searmanais tae. Agus éagsúlacht aisteach tae. 


Ghoid mé teideal an mhír ó George Orwell a scríobh aiste ar thae..

Marbh le tae 
Is marbh gan é!