21 September 2009

Cód poist... arís

Deir an Rianach go mbeidh cóid poist againn.

Agus, faraor, léiríonn an preas ráiteas go bhfuil sé agus a lucht cabhartha sáinnithe i saol an Bhéarla fós - ag sodar i ndiaidh na Sasanach. "ATH" agus "D" do Áth Luain agus Áth Cliath faoi seach.

Sin uilig ainneoin feachtas an Chonartha - sheol mé féin litir, agus fuair mé freagra a léirigh nár thuig na maorlathaigh an fhadhb.

Má tá córas le bheith againn, tuige nach bunaithe ar uimhreacha atá sé, mar atá bunús gach córas eile Eorpach? Sa Ghearmáin, abair? Córas i bhfad níos solúbtha, agus neamhspleách ar cheisteanna achrannacha teangain.

Nó, ó tá muid sa bponc ina bhfuilimid, céard faoin gcóras eolaíoch seo ag lucht PONC?

1 comment:

ormondo said...

Do dhiúltaigh muintear Dingle do Dhaingean ar eagla nach n-aimseodh na turasóirí an áit. B'fhéidir go bhfuil imní oifigiúil ar an roinn nach n-aimseodh na daoine a n-áiteanna cónaithe féin dá mbainfí úsáid as an leagan gaelach den logainm. ;)