Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-09-27

Plionta folamh


Bhí mé amuigh sna sléibhte le mo mhac inniu, thart ar Ghleann Crí. Bhíodh dealbh de Chríost, an tréadaí maith ar an mbóthar míleata ós cionn an Ionad Athmhuintearais. Tá an dealbh imithe le roinnt blianta anois. Ach thug mé suntas don plionta.
Scoil cheartúcháin - príosún do bhuachaillí faoi aois - a bhí i gceist le scoil Chaoimhín. Luaitear i dtuarascáil Ryan é, cé go bhfuil an cuid is measa ag tagairt do cad a tharla sa Daingean nuair a dúnadh Gleann Crí.

Ní go ró mhaith a fheileann an méid atá luaite ann leis an Tréadaí Maith.

Theip muid mar phobal ar na buachaillí - agus b'fhéidir freisin ar na bráithre, má chuirtear san áireamh, mar atá luaite san Tuarascáil, gur theip an néaróga chuid mhaith acu. Córas lofa - ach tá amhras orm go bhfuil mórán feabhas tagtha air ó shin.

Bhí an mír seo i soiscéal an lae inniu: "Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b’fhearr dó go gcuirfí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a chaitheamh san fharraige."

Cad ba cheart dúinn a dhéanamh? Arís inniu, tá buachaill 17 bliain d'aois faoi ghlas de dheasca fear a shá. Tá goid agus réabadh fós ar siúl, de bharr go bhfuil bochtanas agus fearg fós linn.

Níl fhios agam. Go bhfóire an Tréadaí Maith orainn go léir.